20201212_IRISH_08_04



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yxl7abjk

School in Mayo to reopen on Monday.

Scoil i Maigh Eo le hoscailt arís Dé Luain.

A primary school in Co Mayo which was closed for Christmas earlier today for health reasons appears to be set to reopen on Monday after the Department of Education alerted school management this afternoon.

Is cosúil go bhfuil bunscoil i gCo Mhaigh Eo a dúnadh don Nollaig níos túisce inniu ar chúinsí sláinte le hoscailt arís Dé Luain tar éis don Roinn Oideachais foláireamh a thabhairt do bhainistíocht na scoile tráthnóna.

Claremorris Boys National School told parents last night that they had decided to close the school due to the high number of Covid-19 cases in the school area.

Bhí sé ráite ag Scoil Náisiúnta Buachaillí Chlár Chlainne Mhuiris le tuismitheoirí aréir go raibh an cinneadh déanta acu an scoil a dhúnadh mar gheall ar an líon ard cásanna covid 19 i gceantar na scoile.

However, according to Department of Education rules, all State – funded schools must remain open until Tuesday 22 December.

De réir rialacha na Roinne Oideachais, áfach, caithfidh gach scoil a fhaigheann maoiniú Stáit fanacht oscailte go dtí Dé Máirt 22 Nollaig.

School management said they had no choice but to close the school to protect the health of students and staff at Covid- 19.

Dúirt bainistíocht na scoile nach raibh aon rogha acu ach an scoil a dhúnadh le sláinte na ndaltaí agus na foirne a chosaint ar Covid- 19.

Since the school reopened after the midterm break in November, about a dozen students in various classes have contracted the disease.

Ó osclaíodh an scoil arís tar éis an bhriseadh lár téarma i mí na Samhna, tá an galar tolgtha ag thart ar dhosaen daltaí i ranganna éagsúla.

The school has a total of 125 pupils.

125 dalta ar fad atá sa scoil.

Figures from the Health Service Executive show that the rate of the disease in Claremorris is well above the national average.

Léiríonn figiúirí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an ráta den ghalar i gClár Chlainne Mhuiris i bhfad níos airde ná an meánráta náisiúnta.

There are 258 cases per 100,000 people in the area compared to 80 cases nationally.

258 cás in aghaidh gach 100,000 duine atá sa cheantar i gcomórtas le 80 cás go náisiúnta.

It was announced this afternoon that another primary school in Co Laois is closing today for Christmas due to concerns about Covid-19.

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil bunscoil eile i gCo Laoise ag dúnadh inniu don Nollaig mar gheall ar imní faoi covid 19.

Management at Holy Family Senior School in Portlaoise said the decision to close the school was made in conjunction with the Health Service Executive.

Dúirt an bhainistíocht i Scoil Shinsearach an Teaghlaigh Naofa i bPort Laoise go ndearnadh an cinneadh an scoil a dhúnadh i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Leave a Reply