20201210_IRISH_08_13



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yy2ykgyf

“End of Covid-19 pandemic in 2021” – Tánaiste.

“Deireadh leis an bpaindéim covid 19 in 2021” – Tánaiste.

Tánaiste Leo Varadkar said he believes the Covid-19 pandemic in this country will end next year.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go gcreideann sé go dtiocfaidh deireadh leis an bpaindéim covid 19 sa tír seo an bhliain seo chugainn.

He said yesterday was a day of great hope after people in the North and Britain received the new vaccine against the disease for the first time.

Dúirt sé gur lá mór dóchais a bhí ann inné tar éis do dhaoine sa Tuaisceart agus sa Bhreatain an vacsaín nua in aghaidh an ghalair a fháil den chéad uair.

Speaking on RTÉ, the Tánaiste said that the pandemic will end the pandemic next year – a combination of vaccines, more tests and more information about the disease.

Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh an Tánaiste gur meascán de chúinsí éagsúla a chuirfeas deireadh leis an bpaindéim an chéad bhliain eile – idir vacsaíní, níos mó tástálacha agus níos mó eolais faoin ngalar.

The Government has arranged with pharmaceutical companies to purchase about eight million doses of various vaccines, he said.

Tá socrú déanta ag an Rialtas le comhlachtaí cógaisíochta thart ar ocht milliún dáileog de vacsaíní éagsúla a cheannach, a dúirt sé.

A strategy on the distribution of vaccines to the general public is due to be published by the Government task force tomorrow.

Tá straitéis faoi dháileadh na vacsaíní ar an bpobal le foilsiú ag tascfhórsa an Rialtais arú amárach.

According to the Tánaiste, the best way to persuade people to get the vaccine is to encourage them and answer their questions, rather than bullying or humiliating them.

Dar leis an Tánaiste gurb é an bealach is fearr le háiteamh ar dhaoine an vacsaín a fháil iad a mhisniú agus a gcuid ceisteanna a fheagairt, seachas tromaíocht nó uasal le híseal a dhéanamh orthu.

He said the facts should be adhered to and that vaccines have been proven to be safe and effective.

Dúirt sé gur chóir cloí leis na fíricí agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil vacsaíní sábháilte agus éifeachtach.

After all, vaccines have eradicated polio and smallpox in Ireland, he said.

Tar éis an tsaoil, vacsaíní a chuir deireadh le póilió agus leis an mbolgach in Éirinn, a dúirt sé.

Leave a Reply