20201129_IRISH_09_08



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yyd9mv2a

Separate money offered to Britain for taking fish.

Airgead scoit á thairiscint don Bhreatain as iasc a thógáil.

European Union representative Michel Barnier said he had offered to return to Britain up to 18% of the price of fish taken by EU member states in the country’s waters each year.

Dúirt ionadaí an Aontais Eorpaigh Michel Barnier gur thairg sé go dtabharfaí ar ais don Bhreatain suas le 18 faoin gcéad de phraghas an éisc a thógann ballstáit an Aontais in uiscí na tíre gach bliain.

European Union boats take € 650 million worth of fish in British waters each year and up to € 117 million of this would be available to Britain in cash under the recommendation of Michel Barnier.

Tógann báid an Aontais Eopaigh luach €650 milliún diasc in uiscí na Breataine gach bliain agus bheadh suas le €117 milliún de seo le fáil ag an mBreatain in airgead scoit faoin moladh atá déanta ag Michel Barnier.

Michel Barnier is the Union’s main mediator in the ongoing talks with a view to reaching a trade agreement between the two sides.

Is é Michel Barnier príomh-idirghabhálaí an Aontais sna cainteanna atá ar bun faoi láthair féachaint le teacht ar chomhaontú trádála idir an dá thaobh.

Fishing, competition and governance continue to be a bone of contention and bargainers are reported to have made little progress.

Tá cúrsaí iascaireachta, iomaíochta agus rialachais ina gcnámh spairne i gcónaí agus tuairiscítear nach bhfuil móran dul chun cinn déanta ag lucht margála.

They now have only five weeks left to settle.

Níl fanta acu anois ach cúig seachtaine le socrú a dhéanamh.

In the absence of agreement, trade between the European Union and Britain in the new year will be very complex and difficult.

Mura mbeidh comhaontú ann faoi sin, beidh cúrsaí trádála idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain san athbhliain fíoraimpléiseach agus anásta.

Leave a Reply