20201111_IRISH_07_43



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y39mx4hy

Concerns about domestic violence, seeking more resources.

Imní faoi fhoréigean sa teaghlach, breis acmhainní á lorg.

A report released by the Safe Ireland agency says that between March and August this year, almost 3,500 women sought help because of domestic violence.

Deirtear i dtuarascáil atá curtha amach ag an áisíneacht Safe Ireland gur iarr beagnach 3,500 bean cúnamh idir Márta agus Lúnasa na bliana seo mar gheall ar fhoréigean sa teaghlach.

This is the first time the women have asked such assistance from support organizations, it is said.

Seo an chéad uair a diarr na mná cúnamh den sórt seo ar eagraíochtaí tacaíochta, a deirtear.

Safe Ireland chief executive Mary McDermott said nearly 600 children had also sought support and assistance in the same area.

Dúírt príomhfheidhmeannach Safe Ireland Mary McDermott gur iarr beagnach 600 páiste tacaíocht agus cúnamh san achar céanna chomh maith.

She called on the Government to provide more resources to organizations working in this sector.

Diarr sí ar an Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil deagraíochtaí atá ag obair san earnáil seo.

The report is based on information received by the agency from 39 organizations across the country that provide assistance to victims of domestic violence.

Tá an tuarascáil bunaithe ar eolas a fuair an áisíneacht ó 39 eagraíocht ar fud na tíre a chuireann cúnamh ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt mar gheall ar fhoréigean sa teaghlach.

20 minute telephone conversation at the Taoiseach with Joe Biden.

Comhrá teileafóin 20 nóiméad ag an Taoiseach le Joe Biden.

Taoiseach Micheál Martin had a 20-minute telephone conversation with American President-elect Joe Biden this afternoon.

Bhí comhrá teileafóin 20 nóiméad ag an Taoiseach Micheál Martin le hUachtarán tofa Mheiriceá Joe Biden tráthnóna.

It was said that it was a pleasant conversation.

Dúradh gur comhrá gnaíúil a bhí ann.

Joe Biden reiterated to the Taoiseach that he was very committed to the Good Friday Agreement.

Dúirt Joe Biden leis an Taoiseach arís go raibh sé an-tiomanta do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

He also told him that this country can be a “bridge.”

Dúirt sé leis freisin gur féidir leis an tír seo a bheith ina “droichea.”

between the United States and the European Union during his presidency.

idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach le linn a uachtaránachta.

He promised the Taoiseach that he would sign the Paris Agreement on climate change as soon as it is inaugurated in the new year.

Gheall sé don Taoiseach go síneodh sé Comhaontú Pháras maidir le hathrú aeráide chomh luath agus a insealbhófar é san athbhliain.

Joe Biden spoke about his involvement with Ireland and the Mayo footballers’ victory over Roscommon in the Connacht Championship yesterday.

Labhair Joe Biden ar an mbaint atá aige le hÉirinn agus ar an mbua a bhí ag peileadóirí Mhaigh Eo ar Ros Comáin i gCraobh Chonnnacht arú inné.

He indicated that he wished to visit this country again as president.

Thug sé le fios gur mhian leis cuairt a thabhairt ar an tír seo arís agus é ina uachtarán.

Leave a Reply