Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:39 — 1.1MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y6fq5e24
Additional Covid-19 restrictions to be announced for the whole country today.
Srianta breise covid 19 le fógairt don tír uilig inniu.
Additional Covid-19 restrictions for the whole country will be announced after a Government meeting today.
Fógrófar srianta breise covid 19 don tír uilig tar éis cruinniú Rialtais inniu.
Level 4 restrictions apply in Cavan, Donegal and Monaghan from last Friday.
Tá feidhm le srianta Leibhéal 4 sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán ó Dé hAoine seo caite.
There is strong speculation among Government ministers that it will be a few days before the announced restrictions are put in place to give people and businesses a chance to prepare.
Tá tuairimíocht láidir i measc airí Rialtais go mbeidh cúpla lá i gceist sula gcuirfear i bhfeidhm na srianta a fhógrófar chun deis ullmhúcháin a thabhairt do dhaoine agus gnólachtaí.
It is expected that many shops across the country will have to close.
Ceaptar go mbeidh ar shiopaí go leor druidim ar fud na tíre.
It is understood that 5 and 10 kilometer travel restrictions will apply rather than travel restrictions between different counties.
Tuigtear go gcuirfear srianta taistil 5 agus 10 ciliméadar i bhfeidhm seachas srianta taistil idir chontaetha éagsúla.
It is also understood that a combination of Level 4 and 5 restrictions will be announced with a view to preventing the spread of Covid-19 disease.
Tuigtear chomh maith go bhfógrófar meascán de shrianta Leibhéal 4 agus 5 féachaint le forleathadh an ghalair covid 19 a chosc.
“The Government understands the need for certainty and that will be provided.”
“Tuigeann an Rialtas go bhfuil gá le cinnteacht agus cuirfear é sin ar fáil.”
said Minister for Public Expenditure and Reform Michael McGrath.
a dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath.
Chief Medical Officer Dr Tony Holohan is discussing the matter with Government officials this morning.
Tá an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan ag plé an scéil le hoifigigh Rialtais ar maidin.
The National Public Health Emergency Team is advising that Level 5 restrictions be applied everywhere in the country for six weeks but it is understood that the Government is looking to implement restrictions for three / four weeks.
Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag comhairliú go gcuirfí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm i ngach áit sa tír ar feadh sé seachtaine ach tuigtear go bhfuil an Rialtas ag féáchaint ar shrianta a chur i bhfeidhm ar feadh trí/cheithre seachtaine.
It is understood that school closures are not recommended as part of the Level 5 restrictions.
Tuigtear nach moltar go ndúnfaí scoileanna mar chuid de na srianta Leibhéal 5.
The Department of Health announced yesterday evening that three more have died of Covid-19 disease in the State and that there have been 1,283 new cases.
Dfhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go bhfuil triúr eile básaithe leis an ghalar covid 19 sa Stát agus go raibh 1,283 cás nua ann.