20200910_IRISH_07_30



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y4kvpjcy

An additional 800 places to be provided in third level colleges.

800 áit bhreise le cur ar fáil i gcoláistí tríú leibhéal.

Ireland’s National Public Service Media Irish National Public Service Media Higher Education Minister Simon Harris has announced an additional 800 places to offer third level colleges this year, in addition to the additional 1,250 places available. was announced last week.

Irelands National Public Service Media Meáin Náisiúnta Seirbhíse Poiblí na hÉireann Dfhógair an tAire Ard-Oideachais Simon Harris go bhfuil 800 áit bhreise le cur ar fáil i gcoláistí tríú leibhéal i mbliana, anuas ar an 1,250 áit bhreise a fógraíodh an tseachtain seo caite.

All of these additional places will be paid for by the State.

Is é an Stát a íocfas as na háiteanna breise seo ar fad.

The places obtained by students on third level courses for the coming academic year are to be announced by the Central Admissions Office amanathar.

Tá na háiteanna atá faighte ag scoláirí ar chúrsaí tríú leibhéil don bhliain acadúil amach romhainn le fógairt ag an Lár- Oifig Iontrála amanathar.

Speaking in the Dáil, Minister Harris said that this was an extraordinary year because school children were unable to take the Leaving Certificate examinations.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt an tAire Harris gur bliain thar an gcoitiantacht í seo mar gheall nach raibh daltaí scoile in ann scrúduithe na hArdteistitméireachta a dhéanamh.

He indicated that the additional places were being made available following consultation by the Government in consultation with the Higher Education Authority and the third level colleges.

Thug sé le fios go raibh na háiteanna breise á gcur ar fáil tar éis don Rialtas dul i gcomhairle leis an Údarás um Ard-Oideachas agus leis na coláistí tríú leibhéal iad féin.

Sinn Féin TD Rose Conway-Walsh said it was a great scruple that the extra places were announced so late and that all the summer had been spent by students worrying about it.

Dúírt Teachta Dála Shinn Féin Rose Conway-Walsh gur mhór an scrupall é gur chomh déanach seo a fógraíodh na háiteanna breise agus an samhradh ar fad caite ag scoláirí ag déanamh imní faoi.

Leave a Reply