20200821_IRISH_10_28



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y4p2snge

A man, two children killed in an accident in Donegal.

Fear, beirt pháistí maraithe i dtionóisc i nDún na nGall.

Three people – a man and two children – were killed in a road accident in Inishowen in north Donegal.

Maraíodh triúr – fear agus beirt pháistí – i dtionóisc bhóthair in Inis Eoghain i dtuaisceart Dhún na nGall.

The accident happened in Ardnacran, Quigley Point, at around 10.20 last night.

In Ard an Chrainn, Rinn Uí Choigligh, ag thart ar 10.20 aréir a tharla an timpiste.

It is understood the man lost control of the car he was driving, the car crossed the road, down a slope and into Lough Foyle.

Tuigtear gur chaill an fear smacht ar an ngluaisteán a bhí sé a thiomáint, go ndeachaigh an gluaisteán trasna an bhóthair, síos le fána agus isteach i Loch Feabhail.

The 49-year-old man and two passengers, a fourteen-year-old boy and a six-year- old girl died.

Bhásaigh an fear, a bhí 49 bliain, agus beirt phaisinéirí, buachaill ceithre bliana déag agus cailín beag sé bliana.

A 45-year-old woman, who was a passenger in the front seat, managed to get out of the car and called the emergency services.

Déirigh le bean 45 bliain, a bhí ina paisinéir sa suíochán tosaigh, teacht amach as an gcarr agus chuir sí fios ar na seirbhísí éigeandála.

The bodies of the three were taken to Letterkenny Hospital, where they will undergo post-mortem examinations later today.

Tugadh coirp an triúir go hOspidéal Leitir Ceannain, mar a ndéanfar scrúduithe iarbháis orthu níos deireanaí inniu.

Gardaí are urging anyone who saw the Mitsubishi ASX make-up car in the area before the crash to contact them.

Tá na Gardaí ag achainí ar aon duine a chonaic an gluaisteán den déanamh Mitsubishi ASX sa cheantar roimh an timpiste teagmháil a dhéanamh leo.

Leave a Reply