Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:50 — 902.2KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y5rfcb55
Government meeting today on Covid-19 restrictions.
Cruinniú Rialtais inniu faoi shrianta covid 19.
The Government will today discuss the latest recommendations from the National Public Health Emergency Team on tackling Covid-19 disease.
Pléifidh an Rialtas inniu na moltaí is deireanaí ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí faoi dhul i ngleic leis an ngalar covid 19.
There are concerns about the reopening of schools in a fortnight due to the recent increase in the number of cases of the disease.
Tá imní faoi athoscailt na scoileanna i gceann coicíse mar gheall ar an méadú ar líon na gcásanna den ghalar le gairid.
The coronary virus was confirmed by workers at three construction sites in Dublin last month and by workers in midland meat factories earlier this month.
Deimhníodh go raibh an coróinvíreas tolgtha ag oibrithe ar thrí láthair thógála i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite agus ag oibrithe i monarchana feola i lár tíre níos túisce an mhí seo.
A worker at the ABP Foods center in the City of Co Tipperary was also confirmed to have contracted the virus last Friday.
Deimhníodh freisin go raibh an víreas tolgtha ag oibrí in ionad ABP Foods sa Chathair i gCo Thiobraid Árann Dé hAoine seo caite.
An additional 200 cases of the disease nationwide were reported last Saturday but the number of cases has dropped significantly since then.
200 cás breise den ghalar ar fud na tíre a tuairiscíodh Dé Sathairn seo caite ach tá laghdú suntasach tagtha ar líon na gcásanna ó shin.
56 new cases reported yesterday.
56 cás nua a tuairiscíodh inné.
The Government has often stated that the reopening of schools is the most important item on their Covid-19 agenda.
Tá sé tugtha le fios ag an Rialtas go minic cheana gurb é athoscailt na scoileanna an rud is tábhachtaí ar an gclár oibre acu ó thaobh cúrsaí covid 19 de.
Any changes to the current restrictions and guidelines will be announced at a later Government meeting.
Fógrófar tar éis chruinniú an Rialtais níos deireanaí an mbeidh aon athrú le déanamh ar na srianta agus ar na treoirlínte atá ann faoi láthair.