Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:38 — 852.7KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y6dpno4h
1,000 permanent jobs to be created by Amazon in Ireland.
1,000 post buan le cruthú ag Amazon in Éirinn.
Amazon is set to create 1,000 permanent jobs in Ireland over the next two years.
Tá an comhlacht Amazon le 1,000 post buan a chruthú in Éirinn sa chéad dá bhliain eile.
The posts will be based in Cork and Dublin.
Beidh na postanna lonnaithe i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.
Amazon will employ a total of 5,000 people when the jobs are created.
Beidh 5,000 duine ar fad fostaithe ag Amazon nuair a chruthófar na poist.
The positions will be based at various company locations in Cork and Dublin – Blanchardstown, Tallaght, Dublin city center and north county Dublin.
Beidh na poist lonnaithe i suíomhanna éagsúla de chuid an chomhlachta i gCorcaigh agus imBaile Átha Cliath – i mBaile Bhlainséir, i dTamhlacht, i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus i dtuaisceart chontae Átha Cliath.
It covers a wide range of jobs.
Réimse leathan poist atá i gceist.
We are looking for software development engineers, web development engineers, systems development engineers, database engineers and support engineers.
Táthar ag lorg innealtóirí forbartha bogearraí, innealtóirí forbartha greasáin, innealtóirí fobartha córas, innealtóirí bhunachar sonraí agus innealtóirí tacaíochta.
The company is also looking for data center technicians, architects and security and other specialists.
Tá an comhlacht ag lorg teicneoirí ionad sonraí, ailtirí agus speisialtóirí slándála agus eile chomh maith.
Amazon says it is also to invest in a new 170,000-square-foot campus in Charlemont Square in Dublin.
Deir Amazon go bhfuil siad le hinfheistíocht a dhéanamh chomh maith ar champas nua 170,000 troigh chearnach i gCearnóg Charlemont i mBaile Átha Cliath.
The new campus is expected to open in 2022.
Meastar go n-osclófar an campas nua i 2022.