Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:07 — 731.1KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y57mgwyt
The Olympics were to begin today in Tokyo.
Inniu a bhí na Cluichí Oilimpeacha le tosú in Tokyo.
The Olympics were to start in Tokyo, Japan today but were postponed for a year until July 2021 due to the coronary virus pandemic.
Bhí na Cluichí Oilimpeacha le tosú in Tokyo sa tSeapáin inniu ach cuireadh siar ar feadh bliana go dtí mí Iúil 2021 mar gheall ar phaindéim an choróinvíris.
The Olympic Committee and the Government of Japan decided in March to postpone the Olympics.
Shocraigh an Coiste Oilimpeach agus Rialtas na Seapáine i mí an Mhárta na Cluichí Oilimpeacha a chur siar.
There were 33 competitions and 339 events to be organized as part of the Tokyo 2020 Olympics.
Bhí 33 comórtas agus 339 imeacht le heagrú mar chuid de Chluichí Oilimpeacha Tokyo 2020.
This year’s games featured five new sports; baseball / softball, karate, skateboarding, sports climbing and surfing.
Bhí cúig spórt nua le bheith san áireamh ag na cluichí i mbliana; daorchluiche/bogliathróid, cearáité, clárscátáil, dreapadóireacht spóirt agus surfáil.
One sport was removed from the games – wrestling.
Baineadh spórt amháin amach as na cluichí – coraíocht.
The Olympic Games in Tokyo will run from July 23 to August 8, 2021 and the Paralympic Games will run from August 24 to September 5, 2021.
Beidh na Cluichí Oilimpeacha in Tokyo ar siúil ón 23 Iúil go dtí 8 Lúnasa 2021 agus déanfar na Cluichí Parailimpeacha a eagrú ón 24 Lúnasa go dtí an 5 Meán Fómhair 2021.