20200725_IRISH_09_35



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y4ly9j5l

An additional € 8m for Údarás na Gaeltachta.

€8m breise dÚdarás na Gaeltachta.

Údarás na Gaeltachta has welcomed an additional allocation of € 8 million approved by the Government as part of the Job Stimulus Program.

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh allúntas breise €8 milliún atá ceadaithe ag an Rialtas dóibh mar chuid den Chlár Spreagtha Post.

The additional capital allocation is being approved to carry out a refurbishment program of certain factory space and other essential infrastructure owned by the organization.

Tá an tallúntas caipitil breise á cheadú chun clár athchóirithe a chur i gcrích ar spáis monarchan áirithe agus infreastruchtúr riachtanach eile atá in úinéireacht na heagraíochta.

“This recognition is encouraging for the important work being done by Údarás na Gaeltachta in relation to the economic development of the Gaeltacht and the work being done to sustain and strengthen Gaeltacht communities.”

“Údar misnigh é an t-aitheantas seo don obair thábhachtach atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt eacnamaíoch na Gaeltachta agus an obair atá ar siúl le pobail Ghaeltachta a bhuanú agus a threisiú.”

said Anna Ní Ghallachair, Chair of Údarás na Gaeltachta.

a dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta.

This additional allocation will enable Údarás na Gaeltachta to upgrade buildings to augment the property, to an appropriate standard, available to support the establishment of businesses in the Gaeltacht or to attract them to the Gaeltacht.

Cuirfidh an t-allúntas breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta uasghrádú a dhéanamh ar fhoirgintí chun cur leis an maoin, ar chaighdeán cuí, a bheidh ar fáil chun tacú le gnóthaí a bhunú sa Ghaeltacht nó a mhealladh chun na Gaeltachta.

It is estimated that these works could support up to 320 jobs in the long term and more than 60 construction jobs over the development period.

Meastar go bhféadfadh na hoibreacha seo tacú le suas le 320 post sa bhfadthéarma agus níos mó ná 60 post tógála thar tréimhse na forbartha.

This additional allocation means that a total capital budget of € 18m will be available to Údarás na Gaeltachta this year.

Ciallaíonn an tallúntas breise seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €18m ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i mbliana.

It is recognized that this is a budget that is central to the organization ‘s strategy for the development of enterprise in the Gaeltacht.

Aithnítear gur buiséad é seo atá lárnach do straitéis na heagraíochta maidir le forbairt na fiontraíochta sa Ghaeltacht.

In addition to the capital allocation, an additional sum of € 250,000 has been provided to Ealaín na Gaeltachta to award new bursaries to Gaeltacht artists and to promote the arts in Gaeltacht schools.

Le cois an allúntais caipitil, tá suim bhreise de €250,000 curtha ar fáil d’Ealaín na Gaeltachta chun sparánachtaí nua a bhronnadh ar ealaíontóirí Gaeltachta agus chun na healaíona a chur chun cinn i scoileanna Gaeltachta.

The Chief Executive of Údarás na Gaeltachta warmly welcomed the announcement by Minister Catherine Martin, TD, and Minister of State Jack Chambers.

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta fáilte chroíúil roimh fhógra an Aire Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit Jack Chambers.

Mícheál Ó hÉanaigh, Chief Executive of Údarás na Gaeltachta, said that significant additional capital funding is now available to support the acceleration of their enterprise development program.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go bhfuil ciste suntasach caipitil breise ar fáil anois chun tacú le dlús a chur lena gclár forbartha fiontraíochta.

“This improved infrastructure will support us in achieving the ambitious employment targets we have set for the Gaeltacht.”

“Tacóidh an tinfreastruchtúr fheabhsaithe seo linn leis na spriocanna uaillmhianach fostaíochta atá leagtha síos againn don Ghaeltacht a bhaint amach.”

said Ó hÉanaigh.

a dúirt Ó hÉanaigh.

Leave a Reply