20200709_IRISH_09_47



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y9bmpcsl

26 pubs in trouble over Covid-19 restrictions.

26 teach tábhairne i dtrioblóid maidir le srianta covid 19.

26 pubs could be prosecuted under public health regulations and licensing laws since Covid-19 restrictions were eased last week.

Dfhéadfaí an dlí a chur ar 26 teach tábhairne faoi rialacháin sláinte poiblí agus dlíthe ceadúnaithe a shárú ó rinneadh maolú ar shrianta covid 19 an tseachtain seo caite.

Restaurant and pubs serving food were allowed to reopen when restrictions were amended.

Ceadaíodh do bhialanna agus do thithe tábhairne a bhfuil seirbhís bia acu oscailt arís nuair a leasaíodh na srianta.

Gardaí say they inspected nearly 3,000 pubs last weekend and most were complying with the regulations.

Deir na Gardaí go ndearna siad iniúchadh ar bheagnach 3,000 teach tábhairne an deireadh seachtaine seo caite agus go raibh an chuid is mó díobh ag cloí leis na rialacháin.

However, some were not providing a food service while others were not keeping customers right.

Ní raibh seirbhís bia á cur ar fáil ag roinnt acu, áfach, agus ní raibh custaiméirí ag fanacht amach óna chéile mar ba cheart i roinnt eile.

Alcoholic beverages are not allowed unless they order a meal costing at least € 9, and customers are not allowed to stay longer than an hour and three-quarters in licensed houses.

Níl cead deochanna meisciúla a thabhairt do dhaoine mura n-ordaíonn siad béile a chosnaíonn €9 ar a laghad, agus níl cead ag custaiméirí fanacht níos faide ná uair agus trí cheathrú i dtithe ceadúnaithe.

Details of the houses which the Gardaí say have not complied with the regulations have been forwarded to the DPP.

Tá eolas faoi na tithe a deir na Gardaí nach raibh ag cloí leis na rialacháin curtha acu chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Offenders can be fined € 2,500 and / or up to six months in prison.

Is féidir fíneáil €2,500 agus / nó suas le sé mhí sa phríosún a ghearradh ar chiontóirí.

Leave a Reply