20200703_IRISH_09_17



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yd9ujyf9

Draft agreed plan on reducing the implications of Brexit.

Dréachtphlean aontaithe maidir le himpleachtaí Brexit a laghdú.

A draft plan has been agreed between Ireland and the European Union with a view to reducing the implications of Brexit on this country.

Tá dréachtphlean aontaithe idir Éirinn agus an tAontas Eorpach féachaint le himpleachtaí an Bhreatimeachta ar an tír seo a laghdú.

It seeks to alleviate the red tape on Irish goods exported through Britain to Europe.

Féachann sé leis an rómhaorlathas ar earraí Éireannacha a bheadh á n-easportáil thríd an Bhreatain chuig an Eoraip a mhaolú.

There will be special lanes reserved for exporters from this country as soon as they arrive from their British ferries heading to continental Europe.

Beidh lánaí speisialta curtha i leataobh do lucht easportála ón tír seo chomh luath is a thagann siad óna báid farantóireachta sa Bhreatain ag tabhairt aghaidh ar mhór-roinn na hEorpa.

The plan must be adopted by the member states.

Caithfidh na baillstáit glacadh leis an bplean.

If adopted, European Union rules on how products are marketed must be changed.

Má ghlactar leis, caithfear athrú a chur ar rialacha an Aontais Eorpaigh faoin mbealach a gcuirtear táirgí ar an margadh aonair.

Leave a Reply