20200630_IRISH_09_07



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yb6xmofz

€ 15bn sought by SMEs.

€15bn á lorg ag lucht gnóthas beag agus meánach.

Representatives from small and medium-sized enterprises are set to speak at a special Oireachtas committee hearing today about the challenges they face and have alleviated most of the social restrictions associated with Covid-19 disease.

Tá ionadaithe ó ghnóthais bheaga agus mheánacha le labhairt ag éisteacht den choiste speisialta Oireachtais inniu faoi na dúshláin atá rompu agus maolú déanta ar fhormhór na srianta sóisialta a bhaineann leis an ngalar covid 19.

SMEs are calling for a € 15 billion bailout package for the sector.

Tá lucht gnóthas beag agus meánach ag iarraidh go gcuirfí pacáiste tarrthála €15 billiún ar fáil don earnáil.

They want € 6 billion of that immediately because of the big financial difficulties, they say.

Tá siad ag iarraidh €6 bhilliún den mhéid sin láithreach mar gheall na deacrachtaí móra airgeadais atá acu, a deir siad.

Representatives from the hospitality sector will also be making their own case today.

Beidh ia gcás féin a dhéanamh ag ionadaithe ón earnáil failteachais inniu freisin.

The Dáil will meet again in the National Conference Center in Dublin today, when some government departments will vote on increased spending in light of the crown virus crisis.

Tiocfaidh an Dáil le chéile arís san Ionad Náisiúnta Comhdhála i mBaile Átha Cliath inniu, tráth a chaithfear vóta ar chaiteachas sa mbreis i gcuid de na ranna rialtais i bhfianaise ghéarchéim an choróinvíris.

Expenditure on the Department of Health is estimated at over € 19.8 billion this year.

Meastr go mbeidh caiteachas dos cionn €19.8 billiún ar an Roinn Sláinte i mbliana.

This is an increase of € 5 billion on the budget allocation for health.

Sin ardú €5 billiún ar an méid a leagadh amach do chúrsaí sláinte sa Bhuiséad.

The Department of Business, Enterprise and Innovation will have spent over € 1.4 billion, an increase of € 400 million.

Beidh os cionn €1.4 billiún caite ag Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, ar ardú €400 milliún é.

This is due to the supports being given to businesses during the health crisis.

Is mar gheall ar na tacaíochtaí atá á thabhairt do ghnólachtaí le linn na géarchéime sláinte atá an méid seo le caitheamh.

Leave a Reply