20231120_IRISH_naionain_nuabheirthe_aistrithe_amach_as_ospideal_al-shifa



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yulbt2v5

Contact: irishlingos@gmail.com

Newborn babies transferred out of Al-Shifa hospital.

Naíonáin nuabheirthe aistrithe amach as ospidéal Al-Shifa.

31 infants in “very serious condition” have been transferred out of Al-Shifa hospital in Gaza and are on their way to Egypt.

Tá 31 naíonán a bhfuil “fíor dhroch bhail” orthu aistrithe amach as ospidéal Al-Shifa i nGaza agus ar a mbealach chuig an Éigipt.

The director of all hospitals in Gaza, Mohammed Zaqut, told the AFP news agency that all 31 infants had been transferred out of Al-Shifa, along with three doctors and two nurses, and that arrangements were now being made to brought across the border into Egypt through the Rafah crossing.

Dúirt stiúrthóir na n- osipdéal uilig i nGaza, Mohammed Zaqut, leis an áisíneacht nuachta AFP gur aistríodh gach ceann de na 31 naíonán amach as Al-Shifa, chomh maith le triúr dochtúir agus beirt altra, agus go bhfuiltear anois ag déanamh socruithe chun iad thabhairt thar teorainn chuig an Éigipt tríd thrasnú Rafah.

The largest hospital in Gaza is a “death zone”, the United Nations says of the Al-Shifa hospital which is now under the control of the Israeli army.

Is “crios báis” é an t-ospidéal is mó i nGaza, a deir na Náisiúin Aontaithe faoi ospidéal Al- Shifa atá anois faoi smacht arm Iosrael.

The United Nations and the World Health Organization have started moving patients out of the hospital since their safety can no longer be guaranteed, since the Israeli army entered it this week.

Tá na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Sláinte Domhanda tosaithe ag bogadh othair amach as an ospidéal ós rud é nach féidir a sábháilteacht a chinntiú níos mó, ó tháinig arm Iosrael isteach ann an tseachtain seo.

The Israeli army says they believe Hamas has a base in the basement of the hospital and that is why they are trying to take over the building.

Deir arm Iosrael go gcreideann siad go bhfuil bunáit ag Hamas in íoslach an ospidéil agus gurb é sin an chúis a bhfuil siad ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an fhoirgneamh.

Hamas and Al-Shifa staff deny that fighters are hiding in the hospital and it is not clear that the Israeli army has found any fighters yet.

Séanann Hamas agus foireann Al-Shifa go bhfuil trodaithe i bhfolach san ospidéal agus ní léir gur aimsigh arm Iosrael aon trodaí go fóill.

Earlier this week people who died at the hospital had to be buried in a mass grave near the entrance.

Níos luaithe an tseachtain seo b’éigean daoine a bhásaigh san ospidéal a chur in uaigh ollmhór in aice leis an mbealach isteach.

The Israeli army cut off electricity and fuel to the building.

Cheil arm Iosrael leictreachas agus breosla ar an fhoirgneamh.

The staff had to turn off the incubators for newborn babies because there was no oxygen supply to operate the equipment.

B’éigean don fhoireann na goradáin do leanaí nuabheirthe a mhúchadh de bharr nach raibh soláthar ocsaigine ann leis an trealamh a fheidhmiú.

Yesterday hundreds of people fled the hospital on orders from the Israeli army – some of them patients and others who were sheltering from the fighting around them.

Inné theith na céadta duine as an ospidéal ar ordú ó arm Iosrael – cuid acu ar othair iad agus cuid eile a bhí ar foscadh ón chogaíocht thart timpeall orthu.

The organization Médecins Sans Frontières says that a convoy of vehicles carrying hospital staff and their families was attacked as they were leaving Al-Shifa, despite the fact that an arrangement had been made with both sides.

Deir an eagraíocht Médecins Sans Frontières gur ionsaíodh slógadh feithiclí a bhí ag iompar baill foirne an osipidéil agus a dteaghlaigh, le linn dóibh a bheith ag imeacht as Al-Shifa, ainneoin go raibh socrú déanta leis an dá thaobh.

One person was killed in the attack.

Maraíodh duine amháin san ionsaí.

It is estimated that there are now 300 patients and 25 staff members left at the hospital.

Meastar go bhfuil 300 othar agus 25 ball foirne fágtha san ospidéal anois.

The World Health Organization says there are 29 patients with back injuries who cannot move without assistance, as well as others with serious wounds due to a lack of antibiotics.

Deir an Eagraíocht Sláinte Domhanda go bhfuil 29 othar a bhfuil gortuithe droma orthu agus nach féidir leo bogadh gan cúnamh, ina measc siúd, chomh maith le daoine eile a bhfuil cneácha tromchúiseacha orthu de bharr easpa antaibheathaigh.

Leave a Reply