20230929_IRISH_greasan_griosaitheach_mailiseach_dunta_ag_tiktok



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26s9hffw

Contact: irishlingos@gmail.com

TikTok shuts down “inciting malicious network”.

“Gréasán gríosaitheach mailíseach” dúnta ag TikTok.

Social media platform TikTok has revealed that it has shut down a “malicious network that was spreading poisonous content”.

Tá sé tugtha le fios ag an meán sóisialta TikTok go bhfuil “gréasán mailíseach a raibh ábhar nimhiúil á scaipeadh air” dúnta acu.

The network reportedly had 72 accounts and over 94,000 followers.

Bhí 72 cuntas agus os cionn 94,000 leantóir ag an ngréasán, a dúradh.

According to TikTok, extremist comments were being posted by the administrators of the web with a desire to foster conflict between people.

Dar le TikTok go raibh tuairimí antoisceacha á bpostáil ag riarthóirí an ghréasáin le fonn coimhlint idir dhaoine a chothú.

Some of the content posted on the web related to this country, as well as Japan, Russia and Taiwan.

Bhain cuid den ábhar a postáladh ar an ngréasan leis an tír seo, chomh maith leis an tSeapáin, an Rúis agus an Téaváin.

It appears that the network was operational during the first two quarters of this year.

Is cosúil gur i gcaitheamh an chéad dá ráithe den bhliain seo a bhí an gréasán ag feidhmiú.

The details of the story have been published in a report that TikTok has submitted to the European Commission as part of the medium’s duty under the European Union’s Code of Practice on Biography.

Tá sonraí an scéil foilsithe i dtuarascáil atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag TikTok mar chuid den dualgas atá ar an meán faoi Chód Cleachtais an Aontais Eorpaigh maidir le Bréagaisnéis.

In addition to TikTok, Google, Microsoft, Facebook and Instagram are involved in that code of practice.

Chomh maith le TikTok, tá Google, Microsoft, Facebook agus Instagram bainteach leis an gcód cleachtais sin.

Twitter – or X, as it is now called – used to be involved as well but they pulled out after Elon Musk bought the company.

Bhíodh Twittter – nó X, mar a thugtar air anois – bainteach leis freisin ach tharraing siad amach as tar éis do Elon Musk an comhlacht a cheannach.

Very timely, the European Union revealed yesterday that on X – above any other medium in Europe – biography is posted the most.

Tráthúil go maith, thug an tAontas Eorpach le fios arú inné gur ar X – thar aon mheán eile san Eoraip – is mó a phostáiltear bréagaisnéis.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply