20201206_IRISH_09_05



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6g73zbr

Petition made by Coroner about heartbreak

Achainí déanta ag Cróinéar faoi bhriseadh croí & timpistí bóthair.

The Donegal Coroner has petitioned for serious consideration of the heartbreak of road accidents.

Tá achainí déanta ag Cróinéar Dhún na nGall go ndéanfadh daoine dianmhacnamh ar an mbriseadh croí a bhaineann le timpistí bóthair.

” Four beautiful men have passed away from this world in the prime of their youth because of decisions that have had a bad outcome, ” Coroner Dr Denis McCauley said.

Tá ceathrar fear bréatha imithe ón saol seo i mbláth a n-óige de bharr cinnithe a raibh drochthoradh acu a dúirt an Cróinéar an Dochtúir Denis McCauley.

Dr Caitríona Dillon revealed that post-mortem examinations revealed that the driver was involved in the accident in which four young men died in Gaoth Dobhair in County Donegal last year – six times over the alcohol limit and that his body also contained traces of cocaine.

Thug an Dochtúir Caitríona Dillon le fios gur léirigh scrúdaithe iarbháis go raibh an tiománaí sa tionóisc inar bhásaigh ceathrar fear óg i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall anuraidh – sé huaire thar an uasteorainn alcóil agus go raibh rian cócaoin ina chorp chomh maith.

It was a tragic accident that shook the north-west Donegal community in which four friends were killed.

Ba timpiste thragóideach í a bhain croitheadh millteanach as pobal iarthuaisceart Dhún na nGall inar maraíodh ceathrar cairde.

They were John Harley, aged 24, from An Cheathrú Canainn, Falcarragh in the parish of Clonkennel, Shaun Harkin, aged 22, from Cill Ulta, Falcarragh, Daniel Scott, aged 23 from Gortahork and 24 – year – old Michael Roarty from Dunlewey in the parish of Gweedore.

Biad sin John Harley, 24 bliain d’aois as An Cheathrú Canainn, An Fál Carrach i bparóiste Chloich Chionnaola, Shaun Harkin, 22 bliain d’aois as Cill Ulta, An Fál Carrach, Daniel Scott , 23 bliain d’aois as Gort an Choirce agus Mícheál Roarty a bhí 24 bliain d’aois as Dún Lúiche i bparóiste Ghaoth Dobhair.

Present at the Coroner’s Committee were the families of the four who were highly regarded in the community.

I láthair ag an gCoiste Cróinéara, bhí teaghlaigh an cheathrair a raibh ardmheas orthu i measc an phobail.

The Toyota Corolla car carrying the four friends went awry when she struck a grass clump in Gleann Ualach on the eastern edge of Gweedore parish on January 27 last year.

Chuaigh an carr den déanamh Toyota Corolla ina raibh an ceathrar cairde de bhealach caol nuair a bhual sí ciúis féir i nGleann Ualach ar imeall thoir pharóiste Ghaoth Dobhair ar an 27 d’Eanáir anuraidh.

The Coroners Committee was told the car was in the air for 23 meters before it crashed upside down.

Dúradh ag an gCoiste Cróineara go raibh an carr san aer ar feadh 23 méadair sular thit sí bun os cionn.

The roof of the car had to be removed.

B’éigean an díon a bhaint den charr.

The car was estimated to be traveling at 120 kilometers per hour.

Meastar go raibh an carr ag taisteal ag 120 ciliméadar san uair.

The speed limit on the route is 80 kilometers per hour.

80 ciliméadar san uair an teorainn luais ar an mbealach.

Two of them were wearing seatbelts.

Bhí crios sábhála ar bheirt a bhí inti.

The Coroner said a seatbelt did not appear to make any difference in the event of this accident.

Dúirt an Cróinéar nach cosúil go ndéanfadh crios sábhála aon difir i gcás na timpiste seo.

The deaths of the four were caused by head and body injuries at the scene which revealed post-mortem examinations by Dr Caitríona Dillon.

Gortaithe cloigne agus colainne ar an láthair ab ea chúis le bás an cheathrair a léirigh scrúdaithe iarbháis a rinne an Dochtúir Caitríona Dillon.

The driver of the car, Daniel Scott, who had returned home from Denmark, was six times over the alcohol ceiling and was found to have traces of cocaine in his body.

Bhí tiománaí an chairr, Daniel Scott, a bhí tagtha abhaile ón Danmhairg, sé huair os cionn na huasteorainne alcóil agus dúradh go raibh lorg cócaoin ina chorp.

The other three also had drinking in their bodies.

Bhí ólachán i gcolainne an triúr eile chomh maith.

They were all out together on the evening of the accident.

Bhí siad uilig amuigh le chéile tráthnóna na timpiste.

The four young men were said to be well known and immersed in their own communities.

Dúradh go raibh aithne mhaith ar an gceathrar fear óg agus iad sáite ina bpobail féin.

On behalf of the Gardaí, Inspector Seamus McGonagle extended his heartfelt condolences to the families of the deceased.

Thar ceann na nGardaí, rinne an Cigire Seamus McGonagle comhbhrón ó chroí le teaghlaigh na marbh.

Sergeant John Joe Mc Laifeartaigh did so and said they were a handsome four and thanked everyone present that night.

Rinne an Sáirsint John Joe Mc Laifeartaigh amhlaidh agus dúirt sé gur ceathrar gnaíúil ab ea iad agus ghabh sé buíochas le gach duine a bhí ar an láthair an oíche sin.

The Coroner pleaded for people to reflect deeply on the heartbreak that comes with road accidents and offered condolences to the families, on a difficult day for them, he said.

Rinne an Cróinéar achainí go ndéanfadh daoine dianmhacnamh ar an mbriseadh croí a thagann le timpistí bóthair agus rinne sé combhrón leis na teaghlaigh, ar lá deacair dóibh, a dúirt sé.

Leave a Reply