20260907_IRISH__katie_buacach_go_glormhar_i_mbac



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/25z7azuj

Contact: irishlingos@gmail.com

Katie triumphs gloriously in Dublin.

Katie buacach go glórmhar i mBÁC.

Séamus Ó Scanláin Katie Taylor is still the world champion in her weight class in boxing.

Séamus Ó Scanláin Is í Katie Taylor seaimpín an domhain i gcónaí ina meáchan sa chró dornálaíochta.

She ensured that in Croke Park, Dublin last night when she got the better of her opponent, Flora Pili.

Chinntigh sí sin i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath aréir nuair a fuair sí an ceann is fearr ar a céile comhraic,Flora Pili.

The Wicklow woman defeated Pili on points in a fight that went the full ten rounds that were scheduled for him.

Ar phointí a fuair bean Chill Mhantáin an lámh in uachtar ar Pili i dtroid a chuaigh na deich mbabhta a bhí leagtha amach dó.

It was clear from start to finish that the Frenchman was not going to get the best of Katie who was at the peak of her powers with manual dexterity and quick footwork.

Ba léir ó thús deiridh nach raibh an Francach chun an ceann ab fhearr a fháil ar Katie a bhí i mbarr a maitheasa le clisteacht láimhe (clever hands) agus luath coisíochta.

She is now the world champion again for the 3rd time and she is doing well.

Is í seaimpín an domhain anois arís í don 3ú huair agus is maith an aghaidh uirthi é.

There’s no denying that about this woman from Bray, who has been cemented in our hearts since she won an Olympic medal at the London games in 2012.

Níl aon duine le sin a shéanadh ar an mbean seo ó Bhré, atá daingnithe inár gcroíthe ó bhuaighbonn Oilimpeach ag na cluichí i Londain i 2012.

Last night was his final round in the boxing ring and the Irish public was eagerly awaiting the event for which 80,000 tickets had been sold in a short space of time a few months ago.

Ba é aréir a babhta deiridh sa bhfáinne dornálaíochta agus pobal na hÉireann ag dúil go mór leis an ócáid a raibh 80,000 ticéad díolta dó in achar gairid roinnt míonna ó shin.

We will now miss her ability and skill in a sport that has received its share of bad publicity in recent times.

Aireoidh muid uainn anois a cumas agus a scil i spóirt a bhfuil a chion féin de dhroch phoiblíocht faighte aige le tamall anuas.

But ‘its branch will live on the hedge’, a statement often made by the late renowned Irish language novelist, Máirtín Ó Cadhain.

Ach ‘mairfidh a craobh ar an bhfál’, ráiteas a bhíodh ag an úrscéalaí iomráiteach Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain nach maireann, go mion minic.

She can now put her feet up with pride and a light heart.

Féadfaidh na cosa a chur in airde anois le mórtas agus soilíos croí.

Hundreds of women can be grateful to her for the support and encouragement she gave them throughout her career.

Féadfaidh na céadta ban a bheith buíoch di as an ugach agus an misneach (bravery) a thug sí dóibh i gcaitheamh a tréimhse gairme.

And we can all be proud of her achievements.

Agus féadfaidh muid uilig a bheith bródúil as a cuid éachtaí.

An inspiring figure who will not be forgotten as long as grass grows on the earth.

Pearsa ionspioráideach nach ligfear i ndearmad fad is a fhásann féar ar thalamh.

Katie is world champion once again

Katie ina seaimpín domhanda uair amháin eile

Leave a Reply