20241018_IRISH_ceannaire_hamas_yahya_sinwar_maraithe_ag_na_hiosraelaigh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/25gcy675

Contact: irishlingos@gmail.com

Hamas leader Yahya Sinwar killed by the Israelis.

Ceannaire Hamas Yahya Sinwar maraithe ag na hIosraelaigh.

Tá ceannaire Hamas Yahya Sinwar maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza.

Deir Rialtas Iosrael go raibh Yahya Sinwar ar dhuine de thriúr a maraíodh nuair a rinne saighdiúirí Iosraelacha ionsaí ar fhoirgneamh i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza.

Deirtear gurb é Yahya Sinwar thar aon duine eile in Hamas a bheartaigh an mórionsaí a dhéanamh ar dheisceart Iosrael anuraidh inar maraíodh thart ar 1,200 duine.

Ceapadh é ina cheannaire ar Hamas i mí Lúnasa seo a chuaigh thart tar éis do na hIosraelaigh an ceannaire a bhí ann roimhe sin, Ismail Haniyeh, a fheallmharú san Iaráin.

Tuairiscitear freisin gur maraíodh 22 duine agus gur gortaíodh na dosaein nuair a rinne aerfhórsa Iosrael ionsaí buamála ar scoil in Jabalia i dtuaisceart Gaza.

Maíonn na hIosraelaigh gur bunáit chruinnithe de chuid Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne a bhí sa scoil.

Léiríonn íomhánna ón láthair go ndeachaigh an áit trí thine mar gheall ar an mbuamáil.

Tá Jabalia á ionsaí gan taise ag na hIosraelaigh go rialta le bliain agus tuairiscítear nach bhfuil dóthain uisce ann leis an tine a mhúchadh.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil na mílte Palaistíneach sáinnithe in Jabalia, a bhformhór acu gan riar a gcáis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Yahya Sinwar i gCathair Gaza in 2022

Leave a Reply