20240913_IRISH_fear_gafa_faoi_theileafoin_phoca_ghochumtha_a_sholathar



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2y5pnu3t

Contact: irishlingos@gmail.com

Man arrested for supplying counterfeit mobile phones.

Fear gafa faoi theileafóin phóca ghóchumtha a sholáthar.

Gardaí have arrested a man in his forties as part of an ongoing investigation into the supply of counterfeit mobile phones.

Tá fear sna daichidí gafa ag na Gardaí mar chuid d’fhiosrúchán atá ar bun acu maidir le teileafóin phóca ghóchumtha a bheith á soláthar.

The man was arrested yesterday and is being held at a Garda station in Dublin.

Gabhadh an fear inné agus tá sé á choinneáil i stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.

In that case, the Gardai have raided fourteen bank accounts and confiscated €143,245 in cash.

Ina cheann sin, tá ceithre chuntas bainc déag calctha ag na Gardaí agus tá €143,245 in airgead tirim coigistithe acu.

According to the Gardaí, one company has lost around €10 million due to the illegal sale of counterfeit mobile phones.

Dar leis na Gardaí go bhfuil comhlacht amháin thart ar €10 milliún caillteach de bharr fóin phóca ghóchumtha a bheith á ndíol go neamhdhleathach.

The Intellectual Property Crime Unit of the Garda Síochána is conducting the investigation.

Is é Aonad um Choireacht Maoin Intleachtúil an Gharda Síochána atá i mbun an fhiosrúcháin.

That unit is a division of the National Bureau of Criminal Investigation.

Is rannóg é an t-aonad sin den Bhiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply