20240908_IRISH_imscrudu_ar_dhiol_thiceid_oasis_curtha_ar_bun



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2987jc49

Contact: irishlingos@gmail.com

An investigation into the sale of Oasis tickets has been launched.

Imscrúdú ar dhíol thicéid Oasis curtha ar bun.

The CCPC, the Competition and Consumer Protection Commission, has launched an investigation into the sale of tickets for the Oasis concert by Ticketmaster last weekend.

Tá imscrúdú curtha ar bun ag an CCPC, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, faoi dhíol na dticéad do cheolchoirm Oasis ag Ticketmaster, an deireadh seachtain seo caite.

The Commission says it has received more than 100 complaints about the sale of tickets and after reviewing those complaints an investigation has been launched.

Deir an Coimisiún go bhfuil níos mó ná 100 gearán faighe acu faoi dhíol na dticéad agus tar éis na ngearán sin a athbhreithniú gur cuireadh an t-imscrúdú ar bun.

“The CCPC has reviewed more than 100 contacts from consumers who are very disappointed and frustrated at what they have been put through when trying to buy tickets for Oasis concerts,” said Brian McHugh, Chair of the CCPC.

“Tá athbhreithniú déanta ag an CCPC ar níos mó ná 100 teagmháil ó thomhaltóirí a bhfuil an-díomá agus frustrachas orthu maidir lenar cuireadh orthu agus iad ar thóir ticéid a cheannach do cheolchoirmeacha Oasis,” a dúirt Brian McHugh, Cathaoirleach an CCPC.

“Although companies in Ireland are allowed to respond to market demand, there are legitimate concerns about how consumers have been treated and we have decided that a thorough investigation is needed, said Mr McHugh.”

“Cé go gceadaítear do chuideachtaí in Éirinn freagairt d’éileamh an mhargaidh, tá imní dlisteanach ann faoin gcaoi ar caitheadh le tomhaltóirí agus tá cinneadh déanta againn go bhfuil gá le himscrúdú domhain, a dúirt an tUas McHugh.”

“If it becomes clear that consumer protection laws have been breached, we will take action”, he said on Saturday morning when tickets were sold for the two shows in Ireland at Oasis, which is reuniting with him.

“Má thagann sé chun solais gur sáraíodh dlíthe cosanta tomhaltóirí, déanfaimid beart”,a dúirt sé Máidin Dé Sathairn a cuireadh ticéid don dá sheó in Éirinn ag Oasis, atá ag teacht le chéile arís lena aghaidh.

But fans soon turned to social media and other platforms to express frustration with the sales process, particularly the high prices being asked for some of the tickets for the Croke Park shows.

Ach níorbh fhada gur iompaigh an lucht leanúna ar na meáin shóisialta agus ardáin eile chun frustrachas faoin bpróiseas díolacháin a chur in iúl, go háirithe na praghsanna arda a bhí á lorg do chuid de na ticéid do sheónna Pháirc an Chrócaigh.

The CCPC said the commission was grateful to consumers who took the time to call or email our helpline to share their own story.

Dúírt an CCPC go raibh an coimisiún buíoch de thomhaltóirí a thóg an t-am glaoch nó ríomhphost a chur ar ár líne chabhrach chun a scéal féin a roinnt leo.

The CCPC also said that it would welcome written comments and any supporting material from consumers about how it was for them to buy tickets or try to buy a ticket for the Oasisi shows on the weekend of 31 August 2024.

Dúirt an CCPC freisin go gcuirfí fáilte roimh thuairimí i scríbhinn agus aon ábhar tacaíochta ó thomhaltóirí faoi mar a bhí sé dóibh ticéid a cheannach nó iarracht a dhéanamh ticéad a cheannach do sheóanna Oasisi deireadh seachtaine an 31 Lúnasa 2024.

The Commission said consumers can send this to the investigation team at CEDinvestigation@ccpc.ie.

Dúirt an Coimisiún gur féidir le tomhaltóirí é seo a sheoladh chuig an bhfoireann imscrúdaithe ag CEDinvestigation@ccpc.ie.

Leave a Reply