20240903_IRISH_priosun_curtha_ar_enoch_burke_an_athuair



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cduvuqm

Contact: irishlingos@gmail.com

Enoch Burke imprisoned again.

Príosún curtha ar Enoch Burke an athuair.

For the third time, the High Court has jailed teacher Enoch Burke for violating a court order.

Den triú uair, tá príosún curtha ag an Ard-Chúirt ar an múinteoir Enoch Burke as ordú cúirte a shárú.

Judge Michaell Quinn said today that he was satisfied that Burke was in breach of the permanent appeal granted to Wilson’s Hospital school in County Westmeath last year.

Dúirt an Breitheamh Michaell Quinn inniu go raibh sé sásta go raibh Burke ag sárú an achomhairc bhuan a deonadh don scoil Wilson’s Hospital i gContae na hIarmhí anuraidh.

The Judge ordered that Enoch Burke be imprisoned until he was cleared of contempt of court.

D’ordaigh an Breitheamh go gcuirfí príosún ar Enoch Burke go dtí go mbeadh an díspeagadh cúirte glanta aige.

Enoch Burke will be in court again on October 11 but he can clear the contempt court whenever he wants.

Beidh Enoch Burke os comhair na cúirte arís an 11 Deireadh Fómhair ach is féidir leis an díspeagadh a ghlanadh os comhair na cúirte aon uair is mian leis.

Enoch Burke told the Judge that God will be responsible for imprisoning someone because of their faith.

Dúirt Enoch Burke leis an mBreitheamh gur do Dia a bheidh sé freagrach as príosún a chur ar dhuine de bharr a gcreidimh.

Enoch Burke has spent over 400 days in Munsey in two shifts, for breaching a court order, which made him stay clean at Wilson’s Hospital.

Tá os cionn 400 lá caite ag Enoch Burke i Muinseó ina dhá sheal, as urghaire cúirte a shárú, urghaire a chuir air fanacht glan ar Wilson’s Hospital.

He was released at the end of June when the school closed for the summer.

Scaoileadh saor é ag deireadh an Mheithimh nuair a dhún an scoil don samhradh.

But Enoch Burke is coming back to the school since it opened after the Summer vacation.

Ach tá Enoch Burke ag teacht i láthair na scoile arís ó d’oscail sí tar éis shaoire an tSamhraidh.

The school said in court that Burke’s presence was stressful and disruptive for both staff and students.

Dúirt an scoil sa chúirt gur strus agus suaitheadh don bhfoireann agus do dhaltaí araon Burke bheith ann.

It was also said that having Burke’s support groups on and off the school grounds is also a health and safety issue.

Dúradh freisin gur fadhb shábháilteachta agus sláinte é freisin grúpaí tacaíochta Burke bheith ar thailte na scoile agus taobh amuigh di.

Enoch Burke was fired from his job at the school last January but he is appealing that.

Briseadh Enoch Burke as a phost sa scoil mí Eanáir seo caite ach tá sé sin á achomharc aige.

That appeal was unsuccessfully heard, and Burke has initiated legal proceedings in relation to the appeals panel in the case.

Níor éisteadh an t-achomharc sin go fóíll, agus tá imeachtaí dlí tionscnaithe ag Burke maidir leis an bpainéal achomhairc sa chás.

Enoch Burke was arrested on the school grounds in the evening, and a lawyer for Wilson’s Hospital, Rosemary Mallon, asked that he be jailed.

Gabhadh Enoch Burke ar thailte na scoile tráthnóna, agus d’iarr abhchóide ar son Wilson’s Hospital, Rosemary Mallon, go gcuirfí príosún air.

She said if that wasn’t done he would be at school again tomorrow.

Dúirt sí mura ndéanfaí sin go mbeadh sé i láthair na scoile arís amárach.

Enoch Burke said that the court was denying him his faith.

Dúirt Enoch Burke go raibh an cúirt ag séanadh a chreidimh air.

The former principal had ordered to ‘force transgenderism on students’.

Bhí ordú curtha ar ag an iar-phríomhoide ‘trasinscneachas a bhrú ar dhaltaí’.

He said his students knew he was an honest man but he wouldn’t tell them that.

Dúirt sé go raibh a fhios ag a chuid daltaí gur fear ionraic a bhí ann ach nach mbeadh sé á rá sin leo.

He referred to a passage from the Book of Jesus and said that the belief in man and woman was at the heart of Christianity.

Thagair sé do shliocht as Leabhar Gheiseasas agus dúirt go raibh an creideamh sa bhfear agus sa bhean ag croí na Críostaíochta.

He told the judge that “the truth can be trampled in the ground but it will rise again”.

Dúirt sé leis an mbreitheamh gur féidir ” an fhírinne a shatailt sa talamh ach go n-éireoidh sí arís”.

Enoch Burke refused to promise the court that he would stay clean at school Enoch Burke’s mother, Martina Burke, his father Seán, her sister Ammni and two brothers Isaac and Josiah were in court today.

Dhiúltaigh Enoch Burke geallúint don chúirt go bhfanfadh sé glan ar an scoil Bhí máthair Enoch Burke, Martina Burke, a athair Seán, a deirfiúr Ammni agus beirt deartháireacha Isaac agus Josiah sa chúirt inniu.

Enoch Burke was fined €700 a day for each day he refused to comply with the injunction.

Cuireadh finéail €700 sa lá ar Enoch Burke as gach lá a dhiúltaigh sé cloí leis an urghaire.

It has already been heard in court that those fines have not been paid nor has any measure been put in place to make him pay it.

Chualathas sa chúirt cheana nár íocadh na fíneálacha sin ná nar cuireadh aon bheart i bhfeidhm a chuirfeadh air é a íoc.

He is being paid his full salary pending the outcome of the appeal against his dismissal.

Tá a thuarastal iomlán á íoc leis ar fheitheamh toradh an achomhairc in aghaidh a bhriseadh as a phost.

Leave a Reply