20240829_IRISH_fogra_cibearshlandala_tugtha_do_chustaimeiri_phairc_fhoite



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ym3ze9y

Contact: irishlingos@gmail.com

A cyber security notice has been issued to Park Fote customers.

Fógra cibearshlándála tugtha do chustaiméirí Pháirc Fhóite.

It has emerged that the website of the Foyt Wildlife Park in Co Cork was recently hacked and some customers’ bank details may have been stolen.

Tá sé tagtha chun solais go ndearnadh cibirionsaí ar shuíomh gréasáin Pháirc Fiadhúlra Fhóite i gCo Chorcaí le gairid agus go bhféadfadh sé gur goideadh sonraí bainc roinnt custaiméirí.

Park administrators indicated that customers may have to cancel their credit and debit cards because of the raid.

Thug riarthóirí na páirce le fios go mb’fhéidir go gcaithfeadh custaiméirí a gcártaí creidmheasa agus a gcártaí dochair a chur ar ceal mar gheall ar an gcreach.

In an email they sent to customers, the administrators said there is a risk that the details of people who made payments on the park’s website between 12 May 2024 and 27 August 2024 were stolen.

I ríomhphost a sheol siad chuig custaiméirí, dúirt na riarthóiri go bhfuil an baol ann gur goideadh sonraí daoine a rinne íocaíochtaí ar shuíomh gréasáin na páirce idir 12 Bealtaine 2024 and 27 Lúnasa 2024.

It was also revealed that the website has since been closed and secured.

Tugadh le fios chomh maith go bhfuil an suíomh gréasáin iata agus daingnithe ó shin.

The matter has been reported to the Gardai and the Data Protection Commission, and cyber security experts are investigating how the site was said to have been breached.

Tá scéal curtha chuig na Gardaí agus chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, agus tá saineolaithe cibearshlándála ag fiosrú conas go baileach a bhíothas in ann foghail a dhéanamh ar an suíomh, a dúradh.

In the meantime, the Wildlife Park is open as usual and the entrance fee can be paid at the gate.

Idir dhá linn, tá an Pháirc Fiadhúlra oscailte mar is gnách agus is féidir an táille iontrála a íoc ag an ngeata.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply