20240824_IRISH_fear_maraithe_ag_bulai_xl_i_sasana



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2995u3ln

Contact: irishlingos@gmail.com

Man killed by XL bully in England.

Fear maraithe ag bulaí XL i Sasana.

A 53-year-old man died after being attacked by an XL bully dog at his home in north-west England.

Bhásaigh fear 53 bliain d’aois tar éis do mhadra den phór bulaí XL é a ionsaí ina theach cónaithe in iarthuaisceart Shasana.

The body of David Daintree was found at the house in the town of Accrington yesterday afternoon.

Fuarthas corp David Daintree sa teach i mbaile Accrington tráthnóna arú inné.

The dog was his own.

Ba leis féin an madra.

The police shot and killed the dog on the member.

Lámhach agus mharaigh na póilíní an madra ar an mball.

XL bullies were banned in England last year except for people with an exemption certificate.

Cuireadh cosc ar bhulaithe XL i Sasana anuraidh seachas i gcás daoine a bhfuil teastas díolúine acu.

The story is in the public eye in Ireland on these lives as well.

Tá an scéal i mbéal an phobail in Éirinn ar na saolta seo freisin.

A one-year-old girl who was seriously injured when she was attacked by an XL bully in Co Kerry last Saturday evening is still being treated in hospital.

Tá cóir leighis á cur san ospidéal i gcónaí ar chailín beag bliain d’aois a gortaíodh go dona nuair a d’ionsaigh bulaí XL í i gCo Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

A 23-year-old woman, Nicole Morey, died after being attacked by an XL bully at her home in Co Limerick two months ago.

Bhásaigh bean 23 bliain d’aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí XL í a ionsaí ina teach cónaithe i gCo Luimnigh dhá mhí ó shin.

The bully XL is a cross breed which is restricted in this State.

Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo.

The Government intends to further restrict it from 1 October and ban it completely from 1 February next year.

Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an chéad bhliain eile.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply