20240820_IRISH_cailin_beag_go_dona_tinn_tar_eis_do_bhulai_xl_i_a_ionsai



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/258jzkka

Contact: irishlingos@gmail.com

Little girl seriously ill after being attacked by bully XL.

Cailín beag go dona tinn tar éis do bhulaí XL í a ionsaí.

A one-year-old girl who was seriously injured when she was attacked by a dog in Co Kerry last Saturday evening is being treated in hospital.

Tá cóir leighis á cur san ospidéal ar chailín beag bliain d’aois a gortaíodh go dona nuair a d’ionsaigh madra í i gCo Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

The Gardai are investigating the disaster that happened in Leic Snámha in north Kerry.

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoin tubaiste a tharla i Leic Snámha i dtuaisceart Chiarraí.

It is understood that the dog in question was an XL bully.

Tuigtear gur bulaí XL an madra a bhí i gceist.

The dog died after the attack.

Básaíodh an madra i ndiaidh an ionsaithe.

The bully XL is a cross breed which is restricted in this State.

Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo.

The Government intends to further restrict it from 1 October and ban it completely from 1 February next year.

Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an chéad bhliain eile.

The XL bully is already completely banned in the North and Britain.

Tá cosc iomlán ar an mbulaí XL cheana féin sa Tuaisceart agus sa Bhreatain.

The issue drew attention and outraged people when a 23-year-old woman, Nicole Morey, died after being attacked by an XL bully at her home in Fedamare in Co Limerick two months ago.

Tarraingíodh aird ar an gceist agus cuireadh alltacht ar dhaoine nuair a bhásaigh bean 23 bliain d’aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí XL í a íonsaí ina teach cónaithe i bhFeadamair i gCo Luimnigh dhá mhí ó shin.

In November 2022, a young boy, Alejandro Mizsan, was seriously injured when he was attacked by an XL bully while playing with his friends in a park in Enniscorthy in Co Wexford RTÉ News and Current Affairs

I mí na Samhna 2022, bhain drochghortuithe do bhuachaill óg, Alejandro Mizsan, nuair a d’ionsaigh bulaí XL é agus é ag súgradh lena chairde i bpáirc in Inis Córthaidh i gCo Loch Garman Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply