20240808_IRISH_tim_walz_roghnaithe_ag_kamala_harris_don_leasuachtaranacht



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2c76j4aa

Contact: irishlingos@gmail.com

Tim Walz chosen by Kamala Harris for the vice presidency.

Tim Walz roghnaithe ag Kamala Harris don leasuachtaránacht.

In the United States, the Governor of Minnesota Tim Walz has been chosen by the presidential candidate of the Democratic Party Kamala Harris to be her vice president, if she is elected in November.

Sna Stáit Aontaithe, is é Gobharnóir Minnesota Tim Walz atá roghnaithe ag iarrthóir uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh Kamala Harris le bheith ina leasuachtarán aici, má thoghfar í i mí na Samhna.

Tim Walz said that he was honored that Kamala Harris had chosen him as his partner and indicated that he was determined to win the election.

Dúirt Tim Walz gur mór an onóir leis Kamala Harris é a roghnú mar chomhpháirtí agus thug le fios go raibh sé meáite ar an toghchán a bhuachan.

Tim Walz is 60 years old – only about six months older than Kamala Harris – and he lives in the city of St Paul, where many Irish people settled in the past, especially the people of Connemara.

Tá Tim Walz 60 bliain d’aois – gan é ach tuairim is sé mhí níos sine ná Kamala Harris – agus tá sé ina chónaí i gcathair St Paul, mar ar lonnaigh Gaeil go leor san am a caitheadh, go háirithe muintir Chonamara.

He is said to be an eloquent orator and some people were impressed with his recent criticism of Donald Trump and his fellow candidate JD Vance.

Deirtear gur líofa an t-óráidí é agus bhí daoine áirithe an-tógtha leis an gcáineadh a rinne sé le deireanas ar Donald Trump agus ar a chomhiarrthóir siúd JD Vance.

Kamala Harris and Tim Walz are going to tour from now on for the next five days in several states where the Democrats and the Republicans are currently neck and neck.

Tá Kamala Harris agus Tim Walz le camchuairt a thabhairt in éindí as seo go ceann cúig lá ar roinnt stát ina bhfuil na Daonlathaithe agus na Poblachtaigh gob ar ghob faoi láthair.

Kamala Harris has been doing well in the polls – better than Joe Biden in any case – since it was announced on July 21 that she was going to be a candidate.

Tá Kamala Harris ag cruthú go maith sna pobalbhreitheanna – níos fearr ná Joe Biden ar aon chor – ó fógraíodh ar an 21 Iúil go raibh sí le bheith ina hiarrthóir.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply