20240803_IRISH_bonn_cre-umha_eile_buaite_ag_eirinn_i_bparas



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bskj38b

Contact: irishlingos@gmail.com

Ireland won another bronze medal in Paris.

Bonn cré-umha eile buaite ag Éirinn i bPáras.

Irishmen Philip Doyle and Daire Lynch have won a bronze medal in the double sculls competition at the Olympic Games in Paris.

Tá bonn cré-umha buaite ag na hÉireannaigh Philip Doyle agus Daire Lynch sa chomórtas céaslaire beirte sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras.

The team was in lane three and they were in third place – behind the Romanian and Spanish crews – in the first quarter of the race.

I lána a trí a bhí an dís agus bhí siad sa tríú háit – taobh thiar de chriúnna na Rómáine agus na Spáinne – sa chéad cheathrú den rás.

The US crew caught up shortly after and were in fourth place until they overtook the Americans 250 meters before the end.

Rug criú na Stát Aontaithe orthu go gairid ina dhiaidh sin agus bhí siad sa cheathrú háit go dtí gur scoith siad na Meiriceánaigh 250 méadar roimh an deireadh.

Philip Doyle is from Lisnacarragh in Co Antrim and Daire Lynch is from Clonmel.

Is as Lios na gCearrbhach i gCo Aontroma Philip Doyle agus is as Cluain Meala Daire Lynch.

Daire Lynch and Philip Doyle This is the fourth medal that Ireland has won in the games so far.

Daire Lynch agus Philip Doyle Seo an ceathrú bonn atá buaite ag Éirinn sna cluichí go dtí seo.

The Irish have been proving good in the Olympic trials these last few years.

Tá na hÉireannaigh ag cruthú go maith sa chéaslóireacht Oilimpeach ar na saolta deireanacha seo.

The men won a gold medal and a silver medal in two two-man competitions in Rio in 2016 and the women won a bronze medal in a four-man competition in Tokyo in 2021.

Bhuaigh na fir bonn óir agus bonn airgid in dhá chomórtas beirte in Rio in 2016 agus bhuaigh na mná bonn cré-úmha i gcomórtas ceathrair i dTóiceo in 2021.

RTÉ News and Current Affairs Daire Lynch and Philip Doyle

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Daire Lynch agus Philip Doyle

Leave a Reply