20240608_IRISH_tarbh-bhrocaire_maraithe_ag_na_gardai_tar_eis_ionsai_ar_bhean



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2586cj9t

Contact: irishlingos@gmail.com

Bull terrier killed by gardaí after attack on woman.

Tarbh-bhrocaire maraithe ag na Gardaí tar éis ionsaí ar bhean.

A bull terrier in Cork was shot and killed by Gardaí after the dog became combative during an incident last night on O’Connolly Road in Ballyfeethan.

Lámhaigh agus mharaigh na Gardaí tarbh-bhrocaire i gCorcaigh tar éis don mhadra éirí trodach le linn eachtra aréir ar Bhóthar Uí Chonghaile i mBaile Féitheán.

A report was made to Gardaí that a dog had attacked a woman in a back garden.

Cuireadh tuairisc faoi bhráid na nGardaí go raibh madra tar éis bean a ionsaí i ngairdín cúil.

The dog bit the woman’s arm and leg.

Bhain an madra greim as lámh agus as cos na mná.

Another member of the family was also bitten while trying to control the dog.

Baineadh greim as duine eile sa teaghlach freisin agus é ag iarraidh smacht a fháil ar an madra.

Local unarmed Gardai, a dog warden and a vet attended the scene and contacted the Support Unit under the Garda Síochána Army.

D’fhreastail na Gardaí áitiúla nach raibh armtha, maor madraí agus tréidlia ar an láthair agus chuir siad fios ar Aonad Tacaíochta faoi Arm an Gharda Síochána.

The two injured were taken to University Hospital, Cork, where they were treated.

Tugadh an bheirt a gortaíodh chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit ar cuireadh cóir leighis orthu.

Earlier this week, a young woman named Nicole Morey was killed by a stray dog in Co Limerick.

Níos tuisce an tseachtain seo, mharaigh madra allta bean óg darbh ainm di Nicole Morey i gCo Luimnigh.

It was the young woman’s birthday.

Lá breithe na mná óiige a bhí ann.

She was 23 years old.

Bhí sí 23 bliain d’aois.

Gardaí are investigating the attack at the woman’s home in Fedamare, outside Ballynafotigh in the county.

Tá na Gardaí ag fiosrú an ionsaithe ag teach na mná i bhFeadamair, taobh amuigh de Bhaile an Fhaoitigh sa chontae.

Dogs of this breed are now banned in Britain. She was found behind the gate of the property.

Tá cosc curtha ar mhadraí den phór seo sa mBreatain anois Thánagthas uirthi taobh thiar de gheata an áitribh.

She was treated at the scene but could not be saved.

Cuireadh cóir leighis uirthi ar an láthair ach níorbh fhéidir í a tharrtháil.

It is understood that she lived in the house with her partner and several dogs.

Tuigtear go raibh cónaí uirthi sa teach lena páirtí agus roinnt madraí.

No one else was home when the attack happened.

Ní raibh aon duine eile sa bhaile nuair a tharla an t-ionsaí.

Four dogs of a legally restricted breed were arrested It is understood that the dog that carried out the attack was of the Bull Terrier breed.

Gabhadh ceithre mhadra de phór a bhfuil srian air de réir dlí Tuigtear gur de phór Tarbh-bhrocaire an madra a rinne an t-ionsaí.

Members of the Gardaí’s Armed Unit killed him when they arrived at the scene of the attack.

Rinne baill d’Aonad Armtha na nGardaí é a dhíothú nuair a bhain siad láthair an ionsaithe amach.

The Minister for Rural and Community Development Affairs, Heather Humphreys, said the news of the attack left her “horrified and saddened”.

Dúirt an tAire Gnóthaí Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys gur chuir scéal an ionsaithe “alltacht agus samhnas” uirthi.

“The issue of restricted dog breeds is being examined by a working group led by former Garda Commissioner John Twomey,” said the Minister.

“Tá ceist na bpóranna madraí srianta á scrúdú ag grúpa oibre faoi stiúir an iar-Choimisinéara Gardaí John Twomey,” a dúirt an tAire.

“If that group advises me to ban a certain breed, as has been done in Northern Ireland and Britain, I will accept that advice.”

“Má chuireann an grúpa sin comhairle orm cosc a chur ar phór áirithe, mar atá déanta i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain, glacfaidh mé leis an gcomhairle sin.”

Under the Dog Control Regulations, rules apply to the ownership and control of certain breeds of dog.

Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí, tá rialacha i bhfeidhm maidir le húinéireacht agus rialú póranna áirithe madraí.

These include American and English Bull Terriers, Bull Mastiffs and Dobermans.

Ina measc sin tá Tarbh- bhrocairí Meiriceánacha agus Sasanacha, Tarbhmhaistíní agus Doberman.

By law a person over the age of 16 must keep dogs on a strong leash and muzzle at all times in public places.

De réir dlí caithfidh duine ós cionn 16 bliana d’aois na madraí a shrianú le hiall láidir agus béalóg a choinneáil orthu i gcónaí in áiteanna poiblí.

Leave a Reply