20240529_IRISH_rafah:_os_cionn_scoir_maraithe_ag_iosrael_i_gceantar_’sabhailte’



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/273dzh5p

Contact: irishlingos@gmail.com

Rafah: over scores killed by Israel in area

Rafah: os cionn scóir maraithe ag Iosrael i gceantar 'sábháilte'.

It is reported that over a score of people were killed when Israeli military forces fired missiles at a newly established refugee camp west of the city of Rafah in southern Gaza.

Tuairiscítear gur maraíodh os cionn scór daoine nuair a scaoil fórsaí míleata Iosrael diúracáin le campa teifeach nuabhunaithe siar ó chathair Rafah i ndeisceart Gaza.

The Hamas health ministry in Gaza says twelve of those killed were women.

Deir aireacht sláinte Hamas in Gaza gur mná ab ea dháréag den dream a maraíodh.

The camp was based in an area by the sea that the Israelis said was safe.

Is i gceantar cois farraige a dúirt na hIosraelaigh a bhí sábháilte a bhí an campa bunaithe.

In fact, it was the Israelis themselves who ordered the refugees to evacuate there.

Go deimhin, ba iad na hIosraelaigh féin a d’ordaigh do na teifigh aslonnú ann.

Various agencies – including the United Nations – have said many times that no place in the area is safe as long as the Israeli forces are being bombarded with artillery from tanks and missiles from the air.

Tá sé ráite go minic ag gníomhaireachtaí éagsúla – na Náisiúin Aontaithe ina measc – nach bhfuil aon áit sa limistéar sábháilte a fhad is atá fórsaí Iosrael á thuairgneáil le hairtléire ó thancanna agus le diúracáin ón aer.

It is also reported that Israeli tanks have reached the center of Rafah for the first time since they began their major assault on the city at the beginning of this month.

Tuairiscítear freisin go bhfuil lár Rafah bainte amach ag tancanna na nIosraelach den chéad uair ó chuir siad tús lena mórionsaí ar an gcathair i dtús na míosa seo.

Taoiseach Simon Harris said today that the excuse the Israelis give every time they make a speech in Gaza is insulting.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris inniu gur táir agus gur colúil an leithscéal a thugann na hIosraelaigh gach uair a dhéanann siad sléacht in Gaza.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply