20230910_IRISH_laghdu_praghas_fuinnimh_fogartha_ag_sse_airtricity



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ylb34zcm

Contact: irishlingos@gmail.com

Energy price reduction announced by SSE Airtricity.

Laghdú praghas fuinnimh fógartha ag SSE Airtricity.

SSE Airtricity has announced that they are to reduce energy prices.

Tá sé fógartha ag SSE Airtricity go bhfuil siad lena bpraghsanna fuinnimh a laghdú.

They are to reduce electricity charges by 12% and gas charges by 10% from the beginning of November.

Tá siad le táillí leictreachais a laghdú 12 faoin gcéad agus táillí gáis a laghdú 10 faoin gcéad ó thús mhí na Samhna.

The company has approximately 700,000 customers and it is estimated that they will save an average of €384.55 per year as a result of this reduction.

Thart ar 700,000 custaiméir atá ag an gcomhlacht agus áirítear go sábhálfaidh siad €384.55 ar an meán sa mbliain de bharr an laghdaithe seo.

SSE Airtricity’s managing director, Klaire Neenan, revealed today that the company understands that people are under enormous pressure given the ever- rising costs of living.

Thug bainisteoir stiúrtha SSE Airtricity, Klaire Neenan, le fios inniu go dtuigeann an comhlacht go bhfuil brú ollmhór ar dhaoine i bhfianaise na gcostas maireachtála atá orthu, atá ag ardú de shíor.

Since wholesale prices have recently fallen, and continue to fall, energy companies have been urged for several weeks to reduce customer charges accordingly.

Ó tá praghsanna mórdhíola tite le deireanas, agus ag titim i gcónaí, táthar ag tathant ar chomhlachtaí fuinnimh le roinnt seachtainí táillí custaiméirí a laghdú dá réir.

Last year, SEE Airtricity was the first energy company to announce that they were going to reduce prices to support domestic customers.

Anuraidh, bhí SEE Airtricity ar an gcéad chomhlacht fuinnimh a d’fhógair go raibh siad lena bpraghsanna a laghdú chun tacú le custaiméirí baile.

They also set up a €25m support fund to help vulnerable customers.

Chuir siad ciste tacaíochta ar bun freisin a raibh €25m euro ann chun cuidiú le custaiméirí leochailleacha.

Yesterday, the largest energy supplier in the State, Electric Ireland, announced that they are to reduce electricity charges by 10% and gas charges by 12% from the beginning of November.

Inné, d’fhógair an soláthraí fuinnimh is mó sa Stát, Electric Ireland, go bhfuil siad le táillí leictreachais a laghdú 10 faoin gcéad agus táillí gáis a laghdú 12 faoin gcéad ó thús mhí na Samhna.

This is the first time Electric Ireland has reduced charges since energy prices began to plummet due to the war in Ukraine.

Seo é an chéad uair ag Electric Ireland táillí a laghdú ó thosaigh praghsanna fuinnimh ag daoirsiú mar gheall ar an gcogadh san Úcráin.

Last year, in fact, the company raised energy charges three times.

Anuraidh, go deimhin, b’amhlaidh a d’ardaigh an comhlacht táillí fuinnimh trí huaire.

Energia announced last week that they were to reduce energy charges by 20% next month and Pinergy indicated that they would reduce electricity charges by 9.5% from 1 October.

D’fhógair Energia an tseachtain seo caite go raibh siadsan le táillí fuinnimh a laghdú 20 faoin gcéad an mhí seo chugainn agus thug Pinergy le fios go laghdóidís féin táillí leictreachais 9.5 faoin gcéad ón 1 Deireadh Fómhair.

Yet another company, Yuno Energy, has been supplying energy to customers in Ireland for a few weeks and they claim to have the cheapest charges.

Tá comhlacht eile fós, Yuno Energy, ag soláthar fuinnimh do chustaiméirí in Éirinn le cúpla seachtain agus maíonn siadsan gur acusan atá na táillí is saoire ar fad.

According to the latest information, Ireland is the most expensive country in Europe in terms of electricity charges and the fourth most expensive country in terms of gas charges.

De réir na faisnéise is deireanaí, is í Éire an tír is daoire san Eoraip ó thaobh táillí leictreachais de agus an ceathrú tír is daoire ó thaobh táillí gáis de.

In fact, electricity charges in this country are 80% more expensive than the European average.

Go deimhin, tá táillí leictreachais sa tír seo 80 faoin gcéad níos daoire ná an meán san Eoraip.

Leave a Reply