Podcast: Play in new window | Download (Duration: 8:47 — 2.0MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2dmjaa4s
Contact: irishlingos@gmail.com
Beware of individual fishing.
Fainic faoin iascach aonair.
The Marine Casualty Investigation Board says that the Minister of Transport should send out a Marine Notice, reminding fishermen that there is a considerable risk involved in fishing alone.
Deir an Bord Imscrúdú Taismí Muirí gur cheart don Aire Iompair Fógra Muirí a chur amach, ag meabhrú d’iascairí go bhfuil baol nach beag ag baint le bheith ag iascach id’ aonar.
This is one of the recommendations made by the Board in their report on an accident that happened to a fisherman in Daing Bay in October last year.
Tá sé seo ar cheann de na moltaí atá déanta ag an mBord ina dtuairisc fé thionóisc a tharla d’iascaire i mBá an Daingin i mí Dheireadh Fómhair anuraidh.
The skipper of the boat An Crabán Óir was seriously injured while fishing for lobster in the Bay.
Bhain drochghortaithe do scipéir an bháid An Portán Óir agus é ag iascach gliomach sa Bhá.
The man’s leg got stuck in a rope, and he was unable to free himself.
Chuaigh cos an fhir i bhfostú i dtéadán, agus ní raibh sé in ann é fhéin a scaoileadh.
The emergency services went to his aid four hours later, when friends told the skipper that he had not returned to the pier, as planned.
Chuaigh na seirbhísí éigeandála i gcabhair air ceithre uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a thug cairde leis an scipéir nach raibh sé tagtha ar ais chun na céibhe, mar a bhí beartaithe.
The friends had been informed of the course and length of the sea voyage and were watching his return to the quay.
Bhí na cairde curtha ar an eolas faoi chúrsa agus faoi fhad an turas farraige agus bhí siad ag faire ar a fhilleadh chun na céibhe.
This is a significant measure says its report, which led to the emergency services being informed early.
Beart suntasach é seo a deir a tuarascáíl, a d’fhág gur cuireadh na seirbhísí éigeandála ar an eolas go luath.
He suffered serious injuries to his legs and spent 5 nights in hospital.
Bhain gortuithe tromchúiseacha dá chosa agus chaith 5 oíche san oispidéal.
The report recommends that the department re-issue a Marine Notice reminding fishermen of the danger associated with solo sea trips, especially for those dealing with lobster pots and the possibility of entanglement in their ropes.
Molann an tuarascáil go n-eiseodh an roinn Fógra Muirí arís ag meabhrú do lucht iascaigh an baol a bhaineann le turais farraige aonair, go háirithe dóibhsan a bhíonn ag plé le potaí gliomaigh agus an seans go dtiocfar i bhfastó ina dtéada.
It is recommended in the report as well, that every fisherman should carry a well-known knife when fishing.
Moltar sa tuairisc chomh maith, go mbeadh scian clúaithe ar iompar ag gach iascaire agus iad ag iascach.
via Nuacht an Descirt, RTÉ Raidió na Gaeltachta
via Nuacht an Deiscirt, RTÉ Raidió na Gaeltachta