20230221_IRISH_dli_dhaithi_le_cinntiu_i_westminster



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2mvyveuy

Contact: irishlingos@gmail.com

David’s law to be confirmed in Westminster.

Dlí Dháithí le cinntiú i Westminster.

In Westminster rather than in Stormont, the legislation will be amended this week to ensure that organs for transplantation can be taken from a body, except in the event that a person has such rejections while he/she is still alive.

I Westminster seachas i Stormont a dhéanfar leasú an tseachtain seo ar an reachtaíocht lena chinntiú gur féidir orgáin le n-aistriú a thógáil as corp, ach amháin sa gcás go mbeadh diúltaithe dá leithéid ag duine agus é/í fós ina mbeatha.

The new law will be called Dáithí’s Law, in honor of Dáithí MacGaffann, a 6- year-old boy from Belfast who is waiting for a heart transplant.

Dlí Dháithí an t-ainm a bheidh ar an dlí nua, in ómós do Dháithí Mac Gabhann, buachaill 6 bliana d’aois as Béal Feirste atá ag fanacht le haistriú croí.

The Secretary of State for Northern Ireland says the government’s intervention was an exception.

Deir Státrúnaí Thuaisceart Éireann gur eisceacht a bhí san idirghabháil a bhí déanta ag an rialtas.

“Today is a day full of emotions,” Dáithí’s family said this afternoon.

“Lá lán de mhothúcháin é an lá inniu” a dúirt teaghlach Dháithí tráthnóna.

2021 the Stormont Executive implemented a bill so that a heart or other organ from a corpse could be transferred to a person’s body during their lifetime, if that person had not indicated that they were against it while they were alive.

2021 a d’fheidhmigh Feidhmeannas Stormont bille le go bhféadfaí croí nó ball eile as corpán a aistriú chuig colainn duine ina mbeatha, muna raibh an té sin tar éis a chur in iúl go raibh siad ina éadan agus iad beo.

But last month it was revealed that additional legislation was needed to enact a bill.

Ach an mhí seo caite fritheadh amach go raibh reachtaíocht sa mbreis ag teastáil leis mbille a achtú.

It was hoped that the matter would be discussed last week, but nothing happened due to the DUP’s boycott of the Assembly in protest against the Northern Ireland Protocol.

Bhí súil go bpléifí an t-ábhar an tseachtain seo caite, ach níor tharla aon ní de bharr boycott an DUP ar an gComhthionól mar agóid in éadan Phrótacal Thuaisceart Éreann.

Secretary of State Chris Heaton-Harris says his own government will make an exception, confirming that the amendment will be implemented in Westminster rather than Stormont.

Deir an Státrúnaí Chris Heaton-Harris gur eisceacht de chuid a rialtais féin a bheidh ann, agus é ag deimhniú gur i Westminster seachas i Stormont a chuirfear an leasú i bhfeidhm.

Dáithí’s father, Máirtín Mac Gabhann said that the boy let out a laugh of joy and music in the house last night when a phone call came from the Secretary of State telling them that the law would be passed in London.

Dúirt athair Dháithí, Máirtín Mac Gabhann gur lig an buachaillín gáir áthais agus cheoil as féin sa teach aréir nuair a tháinig glaoch gutháin ón Státrúnaí ag insint dóibh gur i Londain a rithfí an dlí.

“In Stormont these decisions should be made” said the secretary of state Harris, as he again begged for the re-establishment of the administrative institutions in the north.

“I Stormont is ceart na cinntí seo a dheanamh” a dúirt an státrúnaí Harris, agus é ag impí arís go mbunófaí in athuair na forais riaracháin ó thuaidh.

DUP leader Jeffrey Donaldson today welcomed the decision and congratulated the MacGavans for their enthusiastic campaign.

Chuir ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson fáilte inniu roimh an gcinneadh agus thréaslaigh sé le muintir Mhic Ghabhann as a bhfeachtas díograiseach.

He said it was unfortunate that “certain people used the matter as a bargaining chip instead of moving such an important issue immediately to London”.

Dúirt sé gur mhór an trua gur bhain “daoine áirithe úsáid as an ábhar mar acra mhargántaíochta in áit ceist chomh tábhachtach a aistriú láithreach go Londain”.

Dáithí now hopes to receive the core translation from now on in the next 6 months.

Tá súil anois ag Dáithí an croí-aistriúchán a fháil as seo go ceann 6 mhí.

Ailbhe Ó Monacháin will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.

It has been 6 years since Dáithí MacGaffann is hoping to get a new heart soon.

6 bliana atá Dáithí Mac Gabhann atá ag súil croí nua a fháil go luath.

Leave a Reply