Podcast: Play in new window | Download (Duration: 6:00 — 1.4MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2a5a3njw
Contact: irishlingos@gmail.com
Rishi Sunak the new prime minister of Britain.
Rishi Sunak príomhaire nua na Breataine.
Rishi Sunak has staged a superb comeback as he got the better of Penny Mordaunt to succeed Liz Truss in Number 10 Downing Street.
Tá teacht aniar den scoth léirithe ag Rishi Sunak agus é tar éis an ceann is fearr a fháil ar Penny Mordaunt le theacht i gcomharbacht ar Liz Truss in Uimhir a 10 Sráid Downing.
Mordaunt conceded at lunchtime when it became clear that Sunak had run the race, two months after he failed in the clash with Truss for the leadership of the Conservative Party.
Ghéill Mordaunt ag am lóin nuair ba léir go raibh rith an ráis ag Sunak, dhá mhí ó theip air sa gcoimhlint le Truss do chinnireacht an Pháirtí Caomhaigh.
Rishi Sunak is the first prime minister of the United Kingdom of the Hindu faith, the first person of Asian origin, and the youngest man in office for over 200 years.
Is é Rishi Sunak an chéad phríomhaire ar an Ríocht Aontaithe den chreideamh Hiondúch, an chéad duine de bhunú na hÁise, agus an fear is óige san oifig le breis is 200 bliain.
He is 42.
42 atá sé.
Leader of the House of Commons Penny Mordaunt failed to attract the support of 100 MPs, the target needed to ensure a contest between herself and Sunak.
Theip ar Cheannaire Theach na dTeachtaí Penny Mordaunt tacaíocht a mhealladh ó 100 MP, an sprioc a bhí ag teastáil le comórtas idir í féin agus Sunak a chinntiú.
Since Boris Johnson also conceded in the conflict the Deputies will now have to make a choice and vote, only 6 weeks after Liz Truss was elected prime minister.
Ó ghéill Boris Johnson freisin sa gcoimhlint ní bheidh ar na Teachtaí anois rogha a dhéanamh agus vóta a chaitheamh, gan é ach 6 seachtainí ó toghadh Liz Truss ina príomhaire.
Rishi Sunak getting to work this morning.
Rishi Sunak ag tabhairt faoin obair ar maidin.