20220909_IRISH_banrion_shasana_tar_eis_bhais



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2kdgfhtx

Contact: irishlingos@gmail.com

Queen of England after death.

Banríon Shasana tar éis bháis.

Queen Elizabeth of England has died.

Tá Banríon Eilís Shasana tar éis bháis.

Her death was announced around 6.30 in the evening.

Fógraíodh a bás thart ar 6.30 tráthnóna.

Great concern has been expressed about Queen Elizabeth’s health since doctors examined her this morning.

Bhí imní mhór léirithe faoi shláinte na Banríona Eilís ó chuir dochtúirí scrúdú uirthi ar maidin inniu.

It was in Balmoral Castle in Scotland that the Queen of England was living for some time because her health was not beyond the recommendation of two people.

Ba i gCaisleán Balmoral in Albain a bhí Banríon Shasana ag cur fúithi le tamall de bharr nach raibh a sláinte thar mholadh beirte.

Her relatives are gradually gathering at Balmoral Castle this afternoon.

Tá daoine muinteartha léi ag bailiú de réir a chéile ag Caisleán Balmoral tráthnóna.

Among them are her son, Prince Charles and his wife Camilla as well as Princess Anne, Prince Andrew and Prince Edward.

Ina measc tá a mac, an Prionsa Séarlas agus a bhean Camilla chomh maith leis an mBanphrionsa Anne, an Prionsa Andrew agus an Prionsa Edward.

It is said that the queen’s grandson, Prince William, Duke of Cambridge has also reached the place and that Prince Harry, Duke of Sussex is on his way.

Deirtear go bhfuil an áit bainte amach freisin ag garmhac na banríona, an prionsa William,Diúc Cambrige agus go bhfuil an Prionsa Harry, Diúc Sussex ar a shlí.

The Queen did not want to be in Buckingham Palace in London 2 days ago so that she could formally appoint the new British Prime Minister, Liz Truss.

Ní raibh sé in araíocht ag an mBanríon bheith i bPálás Buckingham i Londain 2 lá ó shin le go bhféadfadh sí Príomh Aire nua na Breataine,Liz Truss a cheapadh go foirmeálta.

Then yesterday, she withdrew from another formal meeting she was due to have with the Queen’s Council.

Ansin inné, tharraing sí siar ó chruinniú foirmeálta eile a bhí le bheith aici le Comhairle na Banríona.

Queen Elizabeth was the longest-reigning head of state in Britain to date.

Ba í an Bhanríon Eilís an té ab fhaide i gcumhacht go dtí seo mar cheannaire stáit sa Bhreatain.

Its era began in 1952.

Cuireadh tús lena ré i 1952.

Her son Charles, Prince of Wales, will now succeed her.

Tiocfaidh a mac Séarlas,Prionsa na Breataine Bige, i gcomharbacht uirthi anois.

Elizabeth, Queen of England who has died

Eilís,Banríon Shasana atá tar éis bháis

Leave a Reply