20220725_IRISH_seirbhisi_le_bus_eireann_buailte



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24ot8gtg

Contact: irishlingos@gmail.com

Services with Bus Eireann hit.

Seirbhísí le Bus Eireann buailte.

Bus Eireann announced this morning that some of its services are not operating today.

D’fhógair Bus Eireann ar maidin go bhfuil roinnt dá chuid seirbhísí nach bhfuil ag feidhmiú inniu.

Among the services affected are a number of express buses to Dublin Airport.

I measc na seirbhísí atá buailte, tá roinnt mearbhusanna go hAerfort Bhaile Átha Cliath.

The west of the country is worst hit and the counties of Galway, Mayo and Sligo are particularly affected.

Is é iarthar na tíre is measa atá buailte agus tá contaetha na Gaillimhe,Mhaigh Eo agus Shligigh thíos leis go speisialta.

However, Bus Eireann says this is not affecting people trying to get to Croke Park, whether from Galway or Kerry.

Deir Bus Eireann áfach nach bhfuil sé seo ag goilliúint ar dhaoine atá ag iarraidh Páirc an Chrócaigh a bhaint amach, bíodh sin ó Ghaillimh nó ó Chiarraí.

Services between Dublin Airport and counties Waterford and Wexford have also been cancelled.

Cuireadh ar ceal freisin seirbhísí idir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus contaetha Phort Láirge agus Loch Garman.

Bus Eireann says there are a number of reasons for this and one of those reasons is a lack of drivers.

Deir Bus Eireann go bhfuil roinnt fáthanna leis seo agus go bhfuil easpa tiománaithe ar cheann de na fáthanna sin.

‘But 98% of its services are operating nationally’ he says.

‘Ach tá 98 faoin gcéad dá chuid seirbhísí ag feidhmiú go náisiúnta’ a deir sé.

He asks anyone who was planning to travel to check the company’s Twitter account or website.

Iarrann sé ar aon duine a raibh sé i gceist acu taisteal cuntas Twitter nó gréasán an chomhlachta a sheiceáil.

Leave a Reply