20220709_IRISH_iar-phriomh-aire_na_seapaine_shinzo_abe_feallmharaithe



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2es2ytf5

Contact: irishlingos@gmail.com

Former Japanese Prime Minister Shinzo Abe assassinated.

Iar-Phríomh-Aire na Seapáine Shinzo Abe feallmharaithe.

Former Japanese Prime Minister Shinzo Abe was shot and killed while campaigning in the city of Kashihara, near Osaka.

Lámhachadh agus maraíodh iar-Phríomh-Aire na Seapáine Shinzo Abe agus é i mbun feachtasaíochta i gcathair Kashihara, in aice le Osaka.

Shinzo Abe was shot while giving a speech at a political mobilization in the city.

Lámhachadh Shinzo Abe agus é ag tabhairt óráide ag slógadh polaitiúil sa chathair.

While security was at his side, a man came back from behind, pulled a gun out of a bag and fired two bullets at him.

Cé go raibh lucht slándála ina fhochair, tháinig fear aniar óna chúl, tharraing gunna as mála agus scaoil dhá philéar leis.

Shinzo Abe was taken to hospital but was not recovering, and died at 5pm, Japanese time, five and a half hours after the attack.

Tugadh Shinzo Abe chun an ospidéil ach ní raibh aon bhiseach i ndán dó, agus bhásaigh sé ag 5 a chlog tráthóna, am na Seapáine, cúig huaire an chloig go leith tar éis an ionsaithe.

He was 67 years old.

Bhí sé 67 bliain d’aois.

The man who shot Shinzo Abe was arrested shortly after he fired the gun.

Gabhadh an fear a lámhach Shinzo Abe go gairid i ndiaidh dó an gunna a scaoileadh.

He is reportedly a 41-year-old man and a former member of the Japanese Maritime Defense Force.

Tuairiscítear gur fear 41 bliain atá ann agus gur iarchomhalta d’Fhórsa Cosanta Muirí na Seapáine é.

It is understood he shot the former prime minister with a home-made gun.

Tuigtear gur le gunna de dhéantús baile a chaith sé an t-iar-Phríomh-Aire.

Shinzo Abe was Prime Minister between 2012 and 2020, and before that for a short time between 2006 and 2007.

Bhí Shinzo Abe ina Phríomh-Aire idir 2012 agus 2020, agus roimhe sin ar feadh tamaill ghairid idir 2006 agus 2007.

He was a very conservative politician who had a special affinity with China in particular.

Polaiteoir fíorchaomhach a bhí ann a raibh col agus coimhthíos aige leis an tSín go háirithe.

Shinzo Abe giving a speech just before he was shot

Shinzo Abe ag tabhairt óráide díreach sular lámhachadh é

Leave a Reply