Podcast: Play in new window | Download (Duration: 19:43 — 4.5MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yxnla35w
Contact: irishlingos@gmail.com
Putin criticizes NATO.
NATO á cháineadh ag Putin.
‘Russia did its best but our security was threatened thanks to NATO. That’s why we had no choice but to invade Ukraine”s Russian President Vladimir Putin’s key message to the Moscow crowd today .
‘Rinne an Rúis a dícheall ach bhí ár slándáil i mbaol a bhuíochas do NATO.Sin an fáth nach raibh aon rogha ann dúinn ach an Úcráin a ionsaí’ an phríomh- theachtaireacht a bhí ag Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin don slua i Moscó inniu.
He was speaking at a commemorative ceremony in the Red Square, this annual event in Russia commemorating the 1945 European war victory against Nazi Germany.
Bhí sé ag labhairt ag searmanas comóraidh sa Chearnóg Dhearg, an ócáid bhliantúil seo sa Rúis a dhéanann bua an chogaidh san Eoraip i 1945 i gcoinne Ghearmáin na Naitsithe chun cuimhne.
According to many, it was the failure of Germany in its so-called Barbarossa campaign, which turned the tide against it in World War II.
Dar le go leor,ba é teipeadh na Gearmáine ina feachtas Barbarossa mar a thugtar air, a chas an taoide ina coinne sa Dara Cogadh Domhanda.
The so-called ‘Charity Day’ is a large parade held in the Red Square in Moscow.
Paráid mhór a bhíonn i gceist le ‘Lá na Caithréime’ mar a thugtar air a reachtáiltear sa Chearnóg Dhearg i Moscó.
Putin and Boris Yeltsin, his previous president, often used the occasion to showcase Russia ‘s military strength.
Ba mhinic le Putin agus Boris Yeltsin a chuaigh roimhe mar uachtarán an ócáid a úsáid le láidreacht mhíleata na Rúise a chur ar taispeáint.
Putin will use the event today to mobilize the people of his country to support his own campaign in Ukraine.
D’úsáidfidh Putin an ócáid inniu le pobal a thíre a ghríosadh chun tacú lena fheachtas féin san Úcráin.
His rhetoric has previously stated that this deadly invasion of the country, which began on 24 February, is the basis for the defeat of Nazism in eastern Ukraine.
Tá sé ráite roimhe seo ag a réamas gur ar mhaithe le naitsíochas a chloí in oirthear na hÚcráine an bunús atá leis an ionradh marfach seo ar an tír, a thosaigh ar an 24Feabhra.
He also said today in front of the crowd that the North Atlantic Alliance (NATO) remains disrespectful to Russia’s security, especially in the way the organization is ‘spreading its influence in eastern Europe’.
Dúirt sé freisin inniu os comhair an tslua go bhfuil Comhghuaillíocht an Atlantaigh Thuaidh (NATO)díthmheasúil i gcónaí i leith shlándáil na Rúise, go háirithe sa bhealach a bhfuil an eagraíocht ag ‘leathadh a tionchair in oirthear na hEorpa’.
‘We made every effort but NATO did not listen, we had no choice but to invade Ukraine in order to protect the Russian people,’ said President Putin.
‘Rinne muid gach iarracht ach níor éist NATO, ní raibh aon rogha ann dúinn ach ionradh a dhéanamh ar an Úcráin ar mhaithe leis an bpobal Rúiseach a chosaint’ a dúirt an tUachtarán Putin.
Ukraine says, not surprisingly, that this statement is just nonsense propaganda and that the whole world will remember what has happened in the country for over 2 months now.
Deir an Úcráin,ní nach ionadh,nach bhfuil sa ráiteas seo ach bolscaireacht gan chiall agus go gcuimhneoidh an domhan uilig ar a bhfuil tarlaithe sa tír le breis is 2 mhí anois.
It was reported yesterday by Ukraine that at least 60 people may have died since Russian forces bombed a school in the Donbass region in the east of the country.
Tuairiscíodh inné ón Úcráin go bhféadfadh sé go bhfuil 60 ar a laghad marbh ó rinne fórsaí na Rúise buamáil ar scoil i réigiún an Donbass in oirthear na tíre.
The school building in Bilohorivka is said to have been completely destroyed.
Deirtear gur scriosadh an foirgneamh scoile i Bilohorivka go hiomlán.
Missiles from the Russian air force are said to have been responsible.
Diúracáin ó aerfhórsa na Rúise deirtear a bhí freagrach.
Up to 90 people were sheltered in the building when it was bombed.
Bhí suas le 90 duine ag fáil dídine sa bhfoirgneamh nuair a buamáileadh é.
Up to 30 people were rescued but rescue efforts there were severely hampered by bomb threats.
Rinneadh tarrtháil ar suas le 30 duine ach bhí bagairtí buamála ag cur as go mór d’iarrachtaí tarrthála ansin.
The leaders of the G7 countries held a meeting yesterday on a video link with the President of Ukraine, Volodymyr Zelensky.
Bhí ceannairí thíortha an G7 i mbun cruinnithe inné ar nasc físe le hUachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelensky.
The ways in which more military support could be provided to Ukraine were discussed.
Pléadh na bealaí faoin bhféadfaí breis tacaíocht mhíleata a chur ar fáil don Úcráin.
It was also promised that the day would come when the countries of the European Union would not be importing any oil from Russia.
Gealladh freisin go dtiocfadh an lá nach mbeadh aon ola ón Rúís á hiomportáil ag tíortha an Aontais Eorpaigh.
And Canadian Prime Minister Justin Trudeau promised during his meeting today with Volodymyr Zelensky that he would provide Ukraine with more weapons and ammunition and that additional sanctions be imposed against Russia.
Agus gheall Príomh-Aire Chaenada,Justin Trudeau le linn an chruinnithe a bhí aige inniu le Volodymyr Zelensky go mbeadh tuilleadh arm agus lón cogaíochta á thabhairt aige don Úcráin agus go gcuirfí smachtbhannaí breise i bhfeidhm in aghaidh na Rúise.
‘The Canadian Embassy in Kiev will also be opened,’ said the Canadian Prime Minister.
‘Oscófar freisin Ambasáid Chaenada i Cív’ a dúirt Príomh-Aire Chaenada.
Russian Defense Minister attended the commemoration
Aire Cosanta na Rúise i láthair ag an gcomóradh