20220228_IRISH_deireadh_leis_an_riachtanas_mascanna_a_chaitheamh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y84gskxa
Contact: irishlingos@gmail.com

Eliminates the need to wear masks.

Deireadh leis an riachtanas mascanna a chaitheamh.

It is almost two years since the first case of the Covid-19 virus was confirmed here in Ireland.

Tá sé nach mór dhá bhliain ó deimhníodh go raibh an chéad chás don víreas covid 19 anseo in Éirinn.

From today it will no longer be necessary to wear masks in almost every place and most of the restrictions imposed by Covid-19 have been eliminated.

Ón lá inniu amach ní bheidh gá mascanna a chaitheamh i nach mór gach áit feasta agus deireadh tagtha leis an gcuid is mó do na srianta a bhí i bhfeidhm mar gheall ar covid 19.

It is no longer necessary to wear masks in shops and masks are no longer required on the public transport system although wearing them is strongly recommended.

Níl sé riachtanach feasta mascanna a chaitheamh i siopaí agus níl mascanna riachtanach a thuilleadh ar an gcóras iompair phoiblí cé go bhfuiltear ag moladh go láidir do dhaoine a leithéid a chaitheamh.

Restaurant owners no longer have to wear masks either.

Ní gá do lucht bialanna mascanna a chaitheamh feasta ach an oiread.

There are changes to the rules for close contacts for everyone except healthcare workers.

Tá athruithe ar na rialacha maidir le dlúth-theagmhálaithe do gach duine seachas oibrithe cúraim sláinte.

Health policies in place in schools have also come to an end, including wearing masks, playgroups and downtime.

Tá deireadh tagtha leis na beartais sláinte a bhí i bhfeidhm i scoileanna chomh maith, ina measc, mascanna a chaitheamh, grúpaí súgartha agus amanta agaithe.

There are changes to the rules for close contacts.

Tá athruithe ar na rialacha maidir le dlúth-theagmhálaithe.

If a person has no signs of the virus, they do not need to self – secrete or test regardless of their vaccination status.

Muna bhfuil aon chomharthaí sóirt den víreas ar dhuine ní gá dóibh féin-aonrú ná tastáil a fháil cuma cén stádas vacsaínithe atá acu.

Self-isolation is still recommended for people who have symptoms of the virus and are close contacts.

Táthar fós ag moladh do dhaoine go mbíonn comharthaí an víris orthu agus gur dlúth-theagmhálaí iad, féin-aonrú a dhéanamh.

Healthcare workers who have a case of the virus in their home must take an antigen test and follow different instructions.

Caithfidh oibrithe cúraim sláinte a bhfuil cás don víreas ina dteach tastáil antaigine a dhéanamh agus treoracha difriúla a leanúint.

Eliminates the need to wear masks

Deireadh leis an riachtanas mascanna a chaitheamh

Leave a Reply