20211225_IRISH_comhbhron,_dochas_i_dteachtaireacht_nollag_an_uachtarain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y3stj2ub

Condolences, hope in the President ‘s Christmas message.

Comhbhrón, dóchas i dteachtaireacht Nollag an Uachtaráin.

In his annual Christmas message, Irish President Michael D Higgins sent his greetings to the people of Ireland at home and abroad.

Ina theachtaireacht bhliantúil Nollag, chuir Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins a bheannachtaí chuig muintir na hÉireann sa bhaile agus i gcéin.

“A merry and peaceful Christmas and a happy new year for all of us,” he prayed for the Irish.

“Nollaig shona shíochánta, agus athbhliain a thabharfaidh dóchas dúinn uilig,” a ghuigh sé ar na hÉireannaigh.

The President paid particular attention to how the Covid-19 pandemic has affected people throughout the year: “I know very well …

Tharraing an tUachtarán aird ar leith ar an gcaoi ar ghoill an phaindéim covid 19 ar dhaoine i gcaitheamh na bliana: “Tá a fhios agam go rímhaith …

many of your loved ones have been lost to Covid-19 during 2021, and I extend my heartfelt condolences to you at this difficult time.

gur cailleadh go leor daoine muinteartha libh de bharr covid 19 le linn 2021, agus déanaim comhbhrón ó chroí libh ag an tráth deacair seo.

“I am also aware of the circumstances in which many of our Irish people live abroad, and of those living in Ireland whose families are abroad, among whom so many have had to endure long separation, even painful, from their children, often under great anxiety or stress. “

“Táim ar an eolas chomh maith faoi na cúinsí ina maireann go leor dár nÉireannaigh thar lear, agus fúthu siúd atá ina gcónaí in Éirinn a bhfuil a muintir thar lear, a bhfuil an oiread sin ina measc arbh éigean dóibh cur suas le scaradh fada, fiú pianmhar, óna gclann, go minic faoi imní nó strus mór.”

On the contrary, it’s a message of hope for the future: “The day will soon be extended and we will be in a season of renewal and growth.

Os a choinne sin, bhí damhna dóchais ina theachtaireacht maidir leis an am atá le teacht: “Ní fada go dtiocfaidh síneadh sa lá agus go mbeimid i séasúr na hathnuachana agus fáis.

“As we move towards those bright days, let’s be committed to each other and to values that will ensure that we pay special attention to those who are vulnerable.”

“Agus sinn ag gluaiseacht i dtreo na laethanta geala sin, bímis tiomanta dá chéile agus do luachanna a chinnteoidh go dtabharfaimid aire speisialta dóibh siúd atá leochaileach.”

Leave a Reply