20211105_IRISH_dushlan_cuirte_in_aghaidh_fheidhmeannas_an_tuaiscirt



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzl89pst

Court challenge against Northern Executive.

Dushlán cúirte in aghaidh Fheidhmeannas an Tuaiscirt.

A court challenge by Conradh na Gaeilge against the Northern Ireland Executive was heard in the High Court in Belfast today.

San Ard Chúirt i mBéal Feirste inniu éisteadh le dúshlán cúirte atá tugtha ag Conradh na Gaeilge i gcoinne Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.

Conradh na Gaeilge says that the executive has not yet adopted an Irish language strategy.

Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil straitéis Gaeilge glactha go fóill ag an bhfeidhmeannas.

It was ruled in 2017 that the Executive was not fulfilling its obligations under the law.

Rialaíodh i 2017 nach raibh an Feidhmeannas ag comhlíonadh a chuid dualgas faoin dlí.

Although the Agreement – A New Era of a New Approach – was reiterated last year, no progress has yet been made on a strategy for the Irish language.

Cé gur tugadh gealltanas aríst sa Chomhaontú – Ré Nua Cur Chuige Nua – anuraidh, níl aon dul chun cinn déanta go fóill ar stráitéis don Ghaeilge.

Counsel for the Executive’s office said what the contract is trying to achieve is unrealistic as certain things have disrupted the timetable, including the pandemic.

Dúirt abhcóide oifig an Fheidhmeannais nach bhfuil an méid atá an conradh ag iarraidh réalaíoch mar gur chuir rudaí ar leith isteach ar an chlár-ama, an phaindéim san áireamh.

However, the Judge said that there was no clear and credible explanation as to why an Irish language strategy had not been placed on the Executive ‘s agenda.

Dúirt an Breitheamh áfach nach raibh míniú soiléir inchreidte ar bith faoi cén fáth nach raibh stráitéis Gaeilge curtha ar chlár oibre an Fheidhmeannais.

He requested that the Community Department provide more information by the end of the week.

D’iarr sé go gcuirfidh an Roinn Pobail níos mó eolais ar fáil faoi dheireadh na seachtaine.

Leave a Reply