20211026_IRISH_gearcheim_bia_san_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yztutpzl

Food crisis in Afghanistan.

Géarchéim bia san Afganastáin.

Afghanistan is facing a ‘major humanitarian crisis’ according to the latest report from UN – related organizations.

Tá ‘géarchéim mhór daonnachta’ á bagairt ar an Afganastáin de réir na tuarascála is deireanaí ó eagraíochtaí bainteach leis na Náisiúin Aontaithe.

Up to 22m people in the country could be hit by food shortages over the said winter.

D’fhéadfadh suas le 22m duine sa tír a bheith buailte ag easpa bia i gcaitheamh an gheimhridh a deirtear.

It has been shown that the Taliban ‘s dominance of the country is due to the weather and all the unrest.

Léirítear gur cúrsaí aimsire agus an chorraíl ar fad a bhain le forlámhas an Taliban ar an tír is cionsiocair leis seo.

David Beasley from the World Food Program has said that Afghanistan is now probably the worst case scenario in the world, and that ‘if action is not taken quickly there will be a terrible crisis to overcome’.

Tá sé ráite ag David Beasley ón gClár Domhanda Bia gur dócha anois go bhfuil an Afganastáin ar an gcás is measa ar domhan, agus ‘mura ngníomhaítear go tapa beidh géarchéim uafásach le sárú’.

It is just over 2 months since the Taliban took possession of Afghanistan, with the aim, if true, to bring stability to the country.

Níl sé ach breis is 2 mhí ó shin ó ghlac an Taliban seilbh ar an Afganastáin, agus é mar aidhm aige má b’fhíor dó féin, seasmhacht a thabhairt don tír.

But according to reports from the United Nations, many citizens there will have no choice but to flee or starve to death there in the coming months.

Ach de réir na dtuairiscí óna Náisiúin Aontaithe, ní bheidh de rogha ag cuid mhaith saoránach ansin ach teitheadh nó bás a fháil den ocras ansin sna míonna atá romhainn.

Leave a Reply