Podcast: Play in new window | Download (Duration: 8:47 — 2.0MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yf6h7dog
Musicians, entertainers disappointed about uncertainty.
Lucht ceoil, siamsaíochta díomách faoi neamhchinnteacht.
Representatives from the music and entertainment sector said they were very disappointed with the outcome of yesterday’s meeting with Culture and Arts Minister Catherine Martin.
Dúirt ionadaithe ón earnáil cheoil agus shiamsaíochta go raibh an-díomá orthu faoinar tháinig amach as an gcruinniú a bhí acu inné leis an Aire Cultúir agus Ealaíon Catherine Martin.
Representatives from fifteen groups called on the Minister to set a deadline by which the public will be allowed to attend live indoor concerts again.
D’iarr ionadaithe ó chúig ghrúpa dhéag ar an Aire spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh cead ag an bpobal freastal ar cheolchoirmeacha beo faoi dhíon arís.
While the Government has a plan to publish next month on approving concerts again, Minister Martin has made no commitment on a specific date.
Cé go bhfuil plean le foilsiú ag an Rialtas an mhí seo chugainn maidir le ceolchoirmeacha a cheadú arís, níor thug an tAire Martin aon ghealltanas faoi dháta ar leith.
Catherine Martin expressed at the meeting that she was disappointed that the Government’s Covid-19 subcommittee had not accepted its own plan to reopen the sector.
Thug Catherine Martin le fios ag an gcruinniú go raibh díomá uirthise nach raibh glactha ag fochoiste covid 19 an Rialtais lena plean féin faoin earnáil a oscailt arís.
Catherine Martin is not a member of the committee but said she wants to be involved in the future.
Níl Catherine Martin ina ball den choiste ach dúirt sí go bhfuil sí ag iarraidh a bheith páirteach ann feasta.
Speaking on RTÉ, Dan MacDonnell, on behalf of entertainers, said they believed it would be safe to resume live indoor events for people who have been fully vaccinated from 1 September.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Dan MacDonnell thar ceann lucht siamsaíochta go gcreideann siadsan go mbeadh sé sábháilte imeachtaí beo faoi dhíon a chur ar bun arís do dhaoine atá iomlán vacsaínithe ón 1 Meán Fómhair.
It also sought to maintain financial supports with musicians and entertainment until June of next year.
D’iarr sé freisin tacaíochtaí airgeadais a choimeád le lucht ceoil agus siamsaíochta go dtí Meitheamh na bliana seo chugainn.
The sector had a virtual two – hour meeting with Minister Martin yesterday.
Cruinniú fíorúil dhá uair an chloig a bhí ag lucht na hearnála leis an Aire Martin inné.
Dan MacDonnell said they were disappointed that Taoiseach Micheál Martin, Tánaiste Leo Varadkar and Health Minister Stephen Donnelly were not present at the meeting even though representatives of all three took part.
Dúirt Dan MacDonnell go raibh díomá orthu nach raibh an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Sláinte Stephen Donnelly i láthair ag an gcruinniú cé gur ghlac ionadaithe an triúir sin páirt ann.