Podcast: Play in new window | Download (Duration: 11:09 — 2.6MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yf65ac39
‘Beneficial meeting with the Government’-Hospitality.
‘Cruinniú tairbheach leis an Rialtas’-Lucht Fáilteachais.
Representatives from the hospitality sector are due to meet today with Tánaiste Leo Varadkar, Health Minister Stephen Donnelly and Tourism Minister Catherine Martin.
Tá ionadaithe ón earnáil fáilteachais le cruinniú a bheith acu inniu leis an Tánaiste,Leo Varadkar,An tAire Sláinte,Stephen Donnelly, agus an tAire Turasóireachta,Catherine Martin.
The meeting ended shortly after 5 p.m.
Chríochnaigh an cruinniú go gairid tar éis a 5 a’chlog tráthnóna.
Representatives from restaurants, hotels and pubs were in attendance.
Bhí ionadaithe ó bhialanna, ó óstáin agus ó thithe tabhairne i láthair.
Indoor eating special group now being set up They questioned the Government’s new plans for indoor eating.
Grúpa speisialta anois á bhunú i dtaca leis an itheachán laistigh Cheistigh siad pleananna nua an Rialtais i dtaca le hitheachán laistigh.
The Irish Restaurant Federation said the meeting was a success, and welcomed the Government’s engagement with the hospitality industry.
Dúirt Cónaidhm Bhialanna na hÉireann gur éirigh go maith leis an gcruinniú, agus go bhfáiltíonn siad go bhfuil an Rialtas i mbun caidrimh anois le tionscail an fháilteachtais.
A special group is to be formally set up before next Monday said, with a view to resolving this contentious issue.
Tá grúpa speisialta le bunú go foirmeálta roimh an Luan seo chugainn a dúradh, féachaint le réiteach a fháil ar an gceist achrannach seo.
It was announced yesterday that certain restrictions would not be relaxed on 5 July, as previously planned.
Fógraíodh inné nach mbeadh srianta áirithe le maolú ar an 5 Iúil, mar a bhí beartaithe roimhe seo.
Taoiseach Micheál Martin’s announcement yesterday It was said that hoteliers and restaurants would have to wait at least another fortnight before being allowed to serve indoor customers, and even then the service would be limited to people who have received the vaccine.
Fógra an Taoisigh Micheál Martin inné Dúradh go gcaithfeadh lucht óstán agus bialanna fanacht coicís eile ar a laghad sula gceadófaí dóibh freastal ar chustaiméirí laistigh, agus fiú ag an tráth sin go mbeadh an tseirbhís teoranta do dhaoine a bhfuil an vacsaín faighte acu.
The Tánaiste understands the ‘disappointment’ of hospitality as he said The Tánaiste said on RTÉ ‘s radio program,’ Morning Ireland ‘this morning that he understands the disappointment and anger of business people but that the Government together in the next fortnight.
Tuiscint mhaith ag an Tánaiste ar ‘dhíomá’ lucht fáilteachais mar a dúirt sé Dúirt an Tánaiste ar an gclár raidió de chuid RTÉ, ‘Morning Ireland’ ar maidin go dtuigeann sé díomá agus fearg lucht gnó ach go mbeadh an Rialtas ag cur plean inmharthana le chéile sa choicís seo romhainn.
However, the opposition has expressed strong skepticism about the July 19 deadline in all this.
Tá amhras láidir léirithe áfach ag an bhfreasúra faoin spriocdháta 19 Iúil ina leith seo uilig.
Róisín Shortall, co-leader of the Social Democrats, said she was not in favor of any system under which services would be banned, even though they would have no control over the availability of the vaccine.
Dúirt comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialacha, Róisín Shortall nach bhfuil sí féin ar son aon chóras faoina gcoscfaí seirbhísí ar dhaoine, cé nach mbeadh aon smacht acu maidir le fáil na vacsaíne.
She also said that most of the people working in this industry are adolescents, who have not yet received the vaccine.
Dúirt sí freisin gur ógánaigh formhór na ndaoine atá ag obair sa tionscail seo, dream nach bhfuair an vacsaín go fóill.