20210630_IRISH_data_athoscailte_d’earnail_an_fhailteachais_curtha_siar



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yer3oyqt

Reopening date for the hospitality sector postponed.

Dáta athoscailte d’earnáil an fháilteachais curtha siar.

Taoiseach Micheál Martin has announced that the reopening date to allow restaurants and pubs to cater for people inside has been postponed.

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an dáta athoscailte chun cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne freastal ar dhaoine taobh istigh curtha siar.

It was decided to delay the permission to be granted next Monday, July 5th, for restaurants and hotels to provide an indoor service.

Cinneadh moill a chur leis an gcead a bhí le tabhairt Dé Luain seo chugainn, an 5ú Iúil, do bhialanna agus do thithe ósta seirbhís faoi dhíon a chur ar fáil.

Speaking at Government Houses, the Taoiseach said that there is a “race” between the Delta variant of the virus and the vaccine and that every effort is being made to ensure that the vaccine has the upper hand in the long run. .

Ag labhairt do ag Tithe an Rialtais dúirt an Taoiseach go bhfuil “rás” ar bun idir an athraitheach Delta den víreas agus an vacsaín agus go bhfuiltear ag iarraidh gach is féidir a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh an lámh in uachtar ag an vacsaín sa deireadh.

Micheál Martin said there had been growing concern over the past few weeks about the prevalence of the virus and the risk posed by the Delta variant of Covid-19.

Dúirt Micheál Martin go raibh imní ag méadú le roinnt seachtainí anuas maidir le leitheadúlacht an víris agus maidir leis an mbaol a bhaineann leis an athraitheach Delta de covid 19.

He said the new Delta variant spreads 55% faster than the last variant in the country.

Dúirt sé go scaipeann an t-athraitheach nua Delta 55 faoin gcéad níos tapúla ná an t-athraitheach deireanach a bhí sa tír.

The Taoiseach said that health officials had bluntly indicated last night that there was a high risk of the virus spreading if the reopening of pubs and restaurants to the indoor community proceeded on July 5 as planned.

Dúirt an Taoiseach gur thug oifigigh sláinte le fios go neamhbhalbh aréir go raibh baol mór ann go scaipfeadh an víreas dá rachfaí ar aghaidh leis an athoscailt do thithe tábhairne agus bialanna don bpobal taobh istigh ar an 5ú Iúil faoi mar a bhí beartaithe.

Micheál Martin said that a plan was to be prepared which would allow people who have received the full vaccine to eat and drink indoors.

Dúirt Micheál Martin go rabhthas chun plean a ullmhú a cheadódh do dhaoine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu dul ag ithe agus ag ól laistigh.

Different systems are being evaluated based on different versions of a vaccine passport.

Tá córais éagsúla á meas bunaithe ar leaganacha éagsúla de phas vacsaíne.

He said the reopening of indoor eating and drinking services will be limited to people who have received the full vaccine or have fully recovered from Covid- 19.

Dúirt sé go mbeidh athoscailt seirbhísí ithe agus ól laistigh teoranta do dhaoine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu nó atá tagtha chucu féin go hiomlán ó covid 19.

It is hoped that a plan will be ready by the middle of next month.

Tá súil go mbeidh plean ullamh faoi lár na míosa seo chugainn.

The Department of Health has announced this afternoon that there are 351 new cases of Covid-19 in the State.

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 351 cás nua de covid 19 sa Stát.

There are 46 people in hospitals and 16 in intensive care units nationwide with the virus.

Tá 46 duine sna hospidéil agus 16 in aonaid dianchúraim na tíre leis an víreas.

The cabinet met this morning to consider the proposal to develop a system for allowing people who have been vaccinated against Covid-19 to eat and drink at home in pubs and restaurants. of the country.

Tháinig an chomh-aireacht le chéile ar maidin chun an moladh a mheas ina ndéanfaí córas a fhorbairt faoina dtabharfaí cead do dhaoine a bhfuil vacsaín iomlán faighte acu i gcoinne covid 19 béile a ithe agus deoch a ól taobh istigh i dtithe tábhairne agus i mbialanna na tíre.

The Covid Committee of the cabinet met until after one o’clock in the morning in an attempt to come up with a proposal for the cabinet meeting in the morning, based on the advice they received from NPHET.

Bhí Coiste Covid na comh-aireachta i mbun cruinnithe go dtí i ndiaidh a haon a chlog ar maidin in iarracht teacht aníos le moladh le haghaidh cruinniú na comh-aireachta ar maidin, moladh atá bunaithe ar an gcomhairle a fuair siad ó NPHET.

Under the plan, people who have received two doses of the vaccine would be allowed to spend time indoors in the country ‘s restaurants and pubs.

Faoin bplean bheadh cead ag daoine a bhfuil dhá dháileog den vacsaín faighte acu am a chaitheamh taobh istigh i mbialanna agus i dtithe tábhairne na tíre.

As planned, 200 or 500 people will be allowed to attend organized events in venues or locations that can accommodate over 5,000 people.

Faoi mar a bhí beartaithe, beidh cead ag 200 nó 500 duine freastal ar ócáidí eagraithe i staideanna nó láithreacha ar féidir leo freastal ar bhreis is 5,000 duine.

50 people will be allowed to attend a wedding.

Beidh cead ag 50 duine freastal ar bhainis.

Pubs and restaurateurs are more than happy with today’s announcement that their businesses will not be fully open as expected.

Ní mó ná sásta atá tabhairneoirí ná lucht bialainne le fógra an lae inniu nach mbeidh a gcuid gnólachtaí ag oscailt go hiomlán mar a bhí súil leis.

The Irish Restaurant Association said it was appalled by the Government’s proposal to allow only those who have received the full vaccine.

Dúirt Cumann Bialannaithe na hÉireann go bhfuil alltacht orthu faoin moladh atá déanta ag an Rialtas gan cead isteach a thabhairt ach do dhaoine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu.

Leave a Reply