20210515_IRISH_riomhchoras_fheidhmeannacht_na_seirbise_slainte_dunta_go_foill



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yh7nf4xa

Health Service Executive computer system still closed.

Ríomhchóras Fheidhmeannacht na Seirbíse Sláinte dúnta go fóill.

The Health Service Executive says the organization ‘s computer system is still closed due to a significant hacking attack.

Deir Feidhmeannacht na Seirbíse Sláinte go bhfuil corás ríomhaireachta na heagraíochta dúnta go fóill acu mar gheall ar ionsaí suntasach haiceála.

The Executive says the computer system was corrupted during the night’s eruption software and was shut down to prevent further harm and to allow them to reconsider.

Deir an Fheidhmeannacht gur thruailligh bogearra éirice an córas ríomhaireachta i gcaitheamh na hoíche agus gur dúnadh é le nach ndéanfaí tuilleadh dochair dó agus le deis a thabhairt dóibh an scéal a mheas.

The majority of outpatient appointments at the Rotunda maternity hospital in Dublin were canceled today due to the decision to close the computer system.

Cuireadh ar ceal formhór na gcoinní a bhí ag othair sheachtracha in ospidéal máithreachais an Rotunda i mBaile Átha Cliath inniu de bharr an chinnidh an ríomhchóras a dhúnadh.

The National Maternity Hospital on Holles Street has indicated that the attack also severely disrupted services there today.

Tá sé tugtha le fios ag an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais ar Shráid Holles gur chuir an t-ionsaí as go mór do sheirbhísí ansin inniu freisin.

Conversely, the Executive says Covid-19 vaccines are being rolled out as planned.

Os a choinne sin, deir an Fheidhmeannacht go bhfuil vacsaíní covid 19 á dtabhairt amach mar a bhí beartaithe.

Speaking on RTÉ, Executive chief Paul Reid said it was a very sophisticated attack on the computer system.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt ceannasaí na Feidhmeannachta Paul Reid gur ionsaí an-sofaisticiúil ar an ríomhchóras atá ann.

The intrusion is disrupting local and national systems on which the organization ‘s key services depend, he said.

Tá an fhoghail ag cur as do chórais áitiúla agus náisiúnta a bhfuil príomhsheirbhísí na heagraíochta ag brath orthu, a dúirt sé.

He noted that the Executive is working with the National Cyber Security Center, the Gardaí and other experts to try to resolve the situation.

Thug sé le fios go bhfuil an Fheidhmeannacht ag obair i gcomhar leis an Ionad Náisiúnta Cibearshlándála, leis na Gardaí agus le saineolaithe eile féachaint leis an scéal a réiteach.

He said no ransom money has been claimed so far.

Dúirt sé nár éilíodh aon airgead fuascailte go dtí seo.

Rotunda Hospital Master Professor Fergal Malone said all Health Service Executive centers in the country have a common computer system for registering patients.

Dúirt Máistir Ospidéal an Rotunda an tOllamh Fergal Malone gur ríomhchóras coiteann atá ag gach ionad de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa tír chun othair a chlárú.

This registration system, he said, appears to have been the gateway to the overall system of pirates.

Is cosúil, a dúirt sé, gurbh é an córas cláraithe seo an bealach isteach sa chóras trí chéile a bhí ag na foghlaithe.

Professor Malone confirmed that all patients in the Rotunda are safe and can function as usual largely because they also have a basic paper system.

Dhearbhaigh an tOllamh Malone go bhfuil gach othar sa Rotunda sábháilte agus gur féidir leo feidhmiú mar is gnách den chuid is mó mar go bhfuil bunchóras páipéir acu chomh maith.

However, patients said there will be delays in processing patients and appointments have had to be canceled today as a result.

Ina dhiadh sin féin, a dúirt sé, beidh moill ar othair a phróiseáil agus b’éigean coinní a chur ar ceal inniu dá bharr sin.

Other hospitals around the country are in the same condition, including Our Lady’s Hospital for Children in Crumlin.

Tá ospidéil eile ar fud na tíre sa riocht céanna, Ospidéal Mhuire na Leanaí i gCromhghlinn ina measc.

Management in Crumlin say they are currently in favor of a paper system there.

Deir an bhainistíocht i gCromghlinn go bhfuil siad i dtaobh le córas páipéir ansin faoi láthair.

The Child and Family Agency, Tusla, says it has also shut down its own computer system in light of the invasion.

Deir an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Tusla, go bhfuil a ríomhchóras féin dúnta acu freisin i bhfianaise an ionraidh.

They are advising people who are concerned about a child to contact their local office.

Tá siad ag moladh do dhaoine a bhfuil imní orthu faoi pháiste teagmháil a dhéanamh lena n-oifig áitiúil.

Leave a Reply