Podcast: Play in new window | Download (Duration: 9:24 — 2.2MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yz8et52w
Veterans’ trial over Joe McCann’s murder canceled.
Triail iarshaighdiúirí faoi dhúnmharú Joe McCann cealaithe.
In a Belfast court, two veterans of the British Army who were on trial for the murder of Joe McCann, a senior member of the Official IRA shot in 1972, were formally acquitted.
I gcúirt i mBéal Feirste, éigiontaíodh go foirmiúil beirt iarshaighdiúirí in Arm na Breataine a bhí ar a dtriail faoi dhúnmharú Joe McCann, ball sinsearach den IRA Oifigiúil a lámhachadh sa bhliain 1972.
Paratroopers killed Joe McCann, 24, in the Markets area of east Belfast while fleeing.
Mharaigh paratrúpaí Joe McCann, 24 bliain, i gceantar na Margaí in oirthear Bhéal Feirste agus é ag teitheadh uathu.
He was not armed.
Ní raibh sé armtha.
Following an investigation, police in the North decided in 2013 that the killing of Joe McCann could not be justified and the public prosecution service in 2016 ruled that people should be charged with his murder.
Tar éis fiosrúcháin, chinn na póilíní sa Tuaisceart in 2013 nach bhféadfaí marú Joe McCann a chosaint agus rialaigh an tseirbhís ionchúiseamh poiblí in 2016 gur chóir daoine a chúisiú ina dhúnmharú.
The trial of the two soldiers began last Monday, at which time some evidence was heard.
Cuireadh tús le triail na beirte saighdiúirí Dé Luain seo caite, tráth a éisteadh roinnt fianaise.
The trial was canceled today, however, when the public prosecution service confirmed that they would not appeal against Judge John O’Hara’s ruling last Friday that statements made by the soldiers soon after the killing could not be accepted as evidence and again in 2010.
Cuireadh an triail ar ceal inniu, áfach, nuair a dheimhnigh an tseirbhís ionchúiseamh poiblí nach ndéanfaidís achomharc in aghaidh rialú an Bhreithimh John O’Hara Dé hAoine seo caite nach bhféadfaí glacadh mar fhianaise le ráitis a rinne na saighdiúirí go luath tar éis an mharaithe agus arís in 2010.
The two soldiers are not allowed to be named.
Níl cead an bheirt shaighdiúirí a ainmniú.
Joe McCann ‘s name appears on the photograph taken of him at Inglis’ bakery in the Markets area on August 9, 1971, the day internment was introduced.
Tá ainm Joe McCann in airde faoin ngrianghraf a glacadh de ag bácús Inglis i gceantar na Margaí ar 9 Lúnasa 1971, an lá ar tugadh imtheorannú isteach.
One and a half months after his assassination on 15 April 1972, the Official IRA declared a ceasefire.
Mí go leith tar éis a mharaithe ar an 15 Aibreán 1972, d’fhógair an tIRA Oifigiúil sos comhraic.
Four other cases involving veterans of the British Army are currently being processed by the courts in the North.
Tá ceithre chás eile a bhaineann le hiarshaighdiúirí in Arm na Breataine á bpróiseáil ag na cúirteanna sa Tuaisceart faoi láthair.
