Podcast: Play in new window | Download (Duration: 5:29 — 1.3MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yfyfpawa
Scam phone alert issued.
Foláireamh tugtha maidir le glaonna gutháin camscéime.
The Department of Social Protection has warned of scam phone calls from people pretending to be Department officials.
Tá foláireamh tugtha ag an Roinn Coimirice Sóisialaí faoi ghlaonna gutháin camscéime ó dhaoine atá ag ligean orthu gur oifigigh de chuid na Roinne atá iontu.
The Department states that a number of numbers come up when a call comes in from these people, including the Department ‘s helpline 1890 800 024.
Deir an Roinn go dtagann roinnt uimhreacha aníos nuair a thagann glaoch isteach ó na daoine seo, san áireamh líne chabhrach na Roinne 1890 800 024.
The Department of Social Protection says they have not contacted customers or the public on this number.
Deir an Roinn Coimirce Sóisialaí nach bhfuil siad i dteagmháil le custaiméirí nó leis an bpobal ar an uimhir seo.
They are begging people not to answer these calls and not to share any personal information.
Tá siad ag impí ar dhaoine gan na glaonanna seo a fhreagairt agus gan aon eolas pearsanta a roinnt.
In a statement, the Department states that Department workers would never ask the public to provide their personal public service number or any bank details if the Department contacts people by telephone.
I ráiteas, deir an Roinn nach gcuirfeadh oibrithe de chuid na Roinne ceist riamh ar an bpobal a uimhir phearsanta seirbhíse phoiblí a thabhairt nó aon sonraí bainc a thabhairt má dhéanann an Roinn teagmháil le daoine ar an bhfón.
The Department is urging people to call the Gardaí if they receive a call from the number.
Tá an Roinn ag impí ar dhaoine glaoch a chur ar na Gardaí má fhaigheann siad glaoch ón uimhir.