20210315_IRISH_caineadh_gear_deanta_ar_phoilini_i_londain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yz89safs

Police in London have been sharply criticized.

Cáineadh géar déanta ar phóilíní i Londain.

London police have been sharply criticized for the way they handled a nightmare last night organized in memory of Sarah Everard.

Tá cáineadh géar déanta ar phóilíní Londain faoin mbealach ar laimhséail siad bigil aréir a bhí eagraithe i gcuimhne ar Sarah Everard.

A confrontation took place between the police and people who attended the unofficial begging at Clapham Common in the city last night.

Tharla achrann idir na póilíní agus daoine a bhí i láthair ag an mbigil neamhoifigiúil ag Clapham Common sa chathair aréir.

British Home Secretary Priti Patel has requested a full report on what happened at the beep.

Tá tuairisc iomlán iarrtha ag Rúnaí Baile na Breataine Priti Patel faoin méid a thit amach ag an mbigil.

More than 1,000 people attended the vigil in memory of Sarah Everard, the woman in her 30s who was abducted and murdered.

D’fhreastail níos mó ná 1,000 duine ag an mbigil i gcuimhne ar Sarah Everard, an bhean sna 30í a fuadaíodh agus a dúnmharaíodh.

Police arrested four people during the night.

Ghabh na póilíní ceathrar le linn na hoíche.

Organizers wanted the beep to be canceled last night due to COVID-19 restrictions, but that did not happen.

Theastaigh ón lucht eagraithe go gcuirfí an bhigil ar ceal aréir mar gheall ar shrianta COVID-19, ach níor tharla sé sin.

A senior police officer defended what happened last night and said police had to act in the interests of keeping people safe.

Chosain oifigeach sinsearach sna póilíní an méid a tharla aréir agus dúirt go raibh ar na póilíní gníomhú ar mhaithe le daoine a choineáil slán sábháilte.

Yesterday in London, England, Wayne Couzens, 48, was brought before a court for her first court hearing.

Inné i Londain, Shasana, tugadh Wayne Couzens, atá 48 bliain d’aois, os comhair cúirte, dá chéad éisteacht chúirte.

Police were charged Friday night with kidnapping and murdering Sarah Everard.

Cúisíodh an póilín oíche Dé hAoine as Sarah Everard a fhuadach agus a dhúnmharú.

In court yesterday Wayne Couzens was remanded in custody.

Sa chúirt inné cuireadh Wayne Couzens siar faoi choinneáil.

He will be brought before the court again next Tuesday.

Tabharfar os comhair na cúirte arís é Dé Máirt seo chugainn.

Police in England on Friday confirmed that Sarah Everard’s body was found in Kent, outside London.

Dé hAoine dhearbhaigh na póilíní i Sasana gurb é corp Sarah Everard a fuarthas i Kent, lasmuigh de Londain.

She was missing for 9 days.

Bhí sí ar iarraidh le 9 lá.

The human remains were discovered in a wooded area of Ashford during the week.

Thángthas ar an taisí daonna i gceantar coille in Ashford le linn na seachtaine.

Sarah Everard, 33, was last seen walking home from a friend’s apartment in south London on Wednesday, March 3rd.

Chonacthas Sarah Everard, (33) go deiridh ag siúl abhaile ó arasán chara léi i ndeisceart Londain ar an gCéadaoin, 3 Márta.

Leave a Reply