20210309_IRISH_conradh_do_sheirbhisi_coraintin_le_bronnadh_ar_chomhlacht_amhain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ycwntfar

Contract for quarantine services to be awarded to one company.

Conradh do sheirbhísí coraintín le bronnadh ar chomhlacht amháin.

Sometime this week the Government and hoteliers will sign the contract for the provision of compulsory quarantine services.

Uair éigin an tseachtain seo a shíneoidh an Rialtas agus lucht óstán an conradh maidir le seirbhísí coraintín éigeantaigh a chur ar fáil.

The quarantine services are scheduled to be available from next week.

Tá sé i gceist na seirbhísí coraintín a bheith ar fáil ón tseachtain seo chugainn.

It is understood that the contract will be awarded to one hotel company.

Tuigtear gur ar chomhlacht amháin óstán a bhronnfar an conradh.

The company will provide a variety of services for quarantined people – from accommodation, food, security, transport and testing.

Cuirfidh an comhlacht seirbhísí éagsúla ar fáil do dhaoine a bheidh ar coraintín – idir lóistín, bhia, shlándáil, iompar agus tástálacha.

It is understood that six hotels in the Dublin area spend quarantine.

Tuigtear gur i sé óstán i limistéar Bhaile Átha Cliath a chaithfidh daoine coraintín.

These are people who come to Ireland from 33 foreign countries without a negative Covid-19 test.

Daoine iad seo a thagann go hÉirinn as 33 tír iasachta gan toradh diúltach ar thástáil covid 19 a bheith acu.

It is considered that there will be no need to use the six different hotels at the same time.

Meastar nach mbeidh gá gairmint a bhaint as na sé óstán éagsúla ag an am céanna.

The details of the system do not appear to have been elaborated yet but it has already been confirmed that the Defense Forces will be heavily involved in its administration, particularly in information technology.

Is cosúil nach bhfuil sonraí an chórais mionsaothraithe fós ach tá sé dearbhaithe cheana féin go mbeidh baint mhór ag Óglaigh na hÉireann lena riar, go háirithe leis an teicneolaíocht faisnéise.

Leave a Reply