20210217_IRISH_03_43



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ybp6cwr3

Looking forward to clarification on the Leaving Cert tomorrow – An Taoiseach.

Súil le soiléiriú faoin Ardteist amárach – An Taoiseach.

Taoiseach Micheál Martin said in the evening that he hoped to be able to clarify the Leaving Certificate tomorrow following a meeting of the Government’s Education Sub-Committee.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go raibh súil aige bheith in ann soiléíriú a thabhairt faoin Ardteist amárach tar éis chruinniú de dFhochoiste Oideachais an Rialtais.

It is time, he said on 7Lá on TG4 this afternoon, for that clarification and the choice for students.

Tá sé in am, a dúirt sé ar 7Lá ar TG4 tráthnóna, an soiléiriú sin agus an rogha a bheith ag daltaí.

He acknowledged, he said, that Leaving Certificate students were under particular stress and that all education partners were dealing with this. The schools, the Taoiseach said, will gradually reopen, starting with Leaving Certificate classes.

Daithin sé, a dúirt sé, go raibh strus faoi leith ar dhaltaí na hArdteiste agus go raibh na páirtnéirí oideachais ar fad ag déileáil leis seo De réir a chéile a athosclófar na scoileanna a dúirt an Taoiseach, ag tosú le ranganna Ardteiste.

But he said that the next primary schools will be the first to open, and that the younger classes will start there.

Ach dúirt sé gurb iad na bunscoileanna ina dhiaidh sin is túisce a osclófar, agus go dtosófar ansiúd leis na ranganna is óige.

It is not possible, he said, to bring a million students back to school at once, and that they will gradually open up.

Ní féidir, a dúirt sé, milliún dalta a thabhairt ar ais ar scoil ag an am céanna, agus gur de réir a chéile a osclóidh siad.

The Taoiseach stated that this approach is due to the B117 version of the crown virus.

Dúirt an Taoiseach gurb é an leagan B117 den choróinvíreas is cúis leis an gcur chuige seo.

No date has yet been set for this reopening.

Níl aon dáta socraithe fós leis an athoscailt seo a dhéanamh.

He called the rumors about Education Minister Norma Foley ‘s attempt to open all schools open on March 1.

Ráiméis’ a thug sé ar na ráflaí faoin Aire Oideachais Norma Foley ag iarraidh na scoileanna ar fad a oscailt an 1 Márta.

Little will happen in March for the schools he said.

Is beag a bheidh ag tarlú mí an Mhárta maidir leis na scoileanna a dúirt sé.

The Government ‘s Covid subcommittee will meet with NPHET on Thursday to discuss the reopening of schools and the country.

Beidh fochoiste Covid an Rialtais ag bualadh le chéile agus le NPHET Déardaoin agus athoscailt na scoileanna agus na tire faoi chaibidil acu.

Donnchadha Ó Laghaoire, Sinn Féin ‘s education spokesman on the same program, said that he did not believe that the Government had not discussed the opening of schools on 1 March, and that such media reports would not have been made without such discussion.

Dúirt Donnchadha Ó Laghaoire, urlabharaí oideachais Shinn Féin ar an gclár céanna nach gcreideann sé nár phléigh an Rialtas na scoileanna a oscailt ar an 1 Márta, agus nach mbeadh na tuairiscí sin sna meáin gan plé mar sin bheith déanta.

He says it is clear that the Government does not have a plan for reopening schools, has not received public health advice, and is not talking to other education stakeholders.

Deir sé go bhfuil sé soiléir nach bhfuil plean ag an Rialtas faoi athoscailt na scoileanna, nach bhfuil comhairle lucht sláinte poiblí faighte ag acu, agus nach bhfuil siad ag caint leis an páirtithe eile leasmhara i gcúrsaí oideachais.

Aodhán Ó Ríordáin, the Labor Party ‘s education spokesman on 7Lá, also said that the Government had not learned any lessons from Leaving Certificate 2020, and that the Department had not planned for the state examinations this year.

Dúírt Aodhán Ó Ríordáin, urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre ar 7Lá freisin, nár fhoghlaim an Rialtas aon cheacht ó Ardteist 2020, agus nach ndearna an Roinn aon phleanáil i dtreo na scrúduithe stáit i mbliana.

In September, he said, the Minister for Education accepted his own recommendation that a report be made on the 2020 Leaving Certificate so that the same mistakes are not made again, but that report was not made.

Ghlac an tAire Oideachais mí Mheán Fómhair, a dúirt sé, le moladh uaidh féin go ndéanfaí tuarascáil ar Ardteist 2020 chun nach ndéanfaí na botúin chéanna arís, ach ní dhearnadh an tuarascáil sin.

Leave a Reply